Ióéil 2:13 - An Bíobla Naofa 198113 agus réabaigí bhur gcroí in ionad bhur mball éadaigh.” Filligí chun an Tiarna, bhur nDia, mar tá sé truachroíoch agus trócaireach, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus is aithreachas dó an t‑olc. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)13 Agus réabuidh bhur ccroidhthe, agus narab íad bhur néuduighe, agus fillidh chum an TIGHEARNA bhur Ndía: óir atá sé grásamhuil agus trócaireach, mall chum feirge, agus lán do chíneul, agus atá aithreachus air um a nolc. Féach an chaibidil |
Ach de bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair an Tiarna nuair a chuala tú cad a chinn mé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe, conas mar a bheidh siad ina gceap uafáis agus mallacht; agus de bhrí gur stróic tú d'éidí agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit - sé an Tiarna atá ag caint.
Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.
Ghuigh sé chun an Tiarna mar a leanas: “Och ochón, a Thiarna! Nach é sin go díreach an rud a dúirt mé a tharlódh, nuair a bhí mé i mo dhúiche féin? Sin é an fáth ar theith mé faoi dheifir go Tairsís de chéaduair. Ba mhaith ab eol dom gur Dia truachroíoch agus trócaireach thú, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus gurb aithreachas duit an t‑olc.