Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Ióéil 2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil II. Fuagra aithreachuis, agus troisgithe oile, do ghabhail roimh dhioghaltais.

1 Sheidigh an stoc a Sion, agus fuáimnigh gáir ann mo shlíabh náomhtha: criothnuighedís lucht áitreabhtha na tíre uile: óir tig lá an TIGHEARNA; óir atá sé a bhfogus;

2 Lá dorchachta agus grúamachda, lá néull agus dorchadais thiugh, mar do leathnuigh an mhaidin air na sléibhtibh: pobal mór láidir; nach bhfacus a leithéid, agus nach biáidh ní sa mhó na dhiáigh, eadhon go blíadhuin mhóráin ginealach.

3 Sluigidh teine rompa; agus na ndiáigh loisgidh lasair: atá an tír amhuil gáirdin Eden rompa, agus na fásach uaigneach na ndiaigh; aseadh, ní reacha aoinni as uátha.

4 Atáid a ttaisbéanta amhuil taisbeanta each; agus amhuil marcshluágh, is mar sin riothfuid síad.

5 Cosmhuil lé fuáim charbad ar mhulluighibh na slíabh lingfid síad, amhuil toruinn lasrach teineadh loisgios an connlach, amhuil dáoine láidre a nórdughadh catha.

6 As coinne a naighthe béid na daoine lán do phéin, cruinneochuid na huile ghnúise dubhachas.

7 Riothfuid síad do nós daóine cumasach; do dhéanaid dreapaireacht an bhalla amhuil lucht cogaidh; agus rachaid ar a naghaidh gach áon iona slighthibh, agus ní bhrisfid a nórdughadh:

8 Ní mo bhrúighfios neach ar a chéile; siubholuidh gach duine aca iona chasan féin, agus an tan thuitfid air an ccloidheamh, ní loitfighear íad.

9 Riothfuid síad chuige agus úadha annsa chathruigh; riothfuid air an mballa, do dhéanuid dreapaireacht súas air na tighthibh; rachid asteach ar na fuinneoga amhuil ghaduigh.

10 Criothnochuidh an talamh rompa; coimhchreathfuid na neamha: biáidh an ghrían agus an ghealach dorcha, agus coinneochuid na réulta air a ndéalradh:

11 Agus laibheoruidh an TIGHEARNA a ghuth as coinne a shlúagh: óir is ro mhór a fhoslongphort: óir is láidir an té chríochnuighios a fhocal: óir is mór lá an TIGHEARNA, agus ro úathbhásach; agus cía fhéadas a fhulang?

12 ¶ Uimesin fós anois, a deir an TIGHEARNA, Fillidhsi chugamsa maille re bhur nuile chroidhe, agus le trosgadh, agus lé gul, agus lé dóbhrón:

13 Agus réabuidh bhur ccroidhthe, agus narab íad bhur néuduighe, agus fillidh chum an TIGHEARNA bhur Ndía: óir atá sé grásamhuil agus trócaireach, mall chum feirge, agus lán do chíneul, agus atá aithreachus air um a nolc.

14 Cía agá bhfuil a fhios má fhilleann sé agus má ní sé aithrighe, agus beannachd dfágbháil na dhiáigh; eadhon ofráil bhídh agus ofráil dhíghe don TIGHEARNA bhur Ndia?

15 ¶ Séidigh an stoc a Sion, náomhuigh troscadh, goiridh coimhthionól sollamonta:

16 Cruinnighidh an pobal, náomhuigh an comhthionnal, comhghuiridh na sinsir, cruinnighidh an chlann, agus an mhéid ibhios an chíoch: éirghiodh an fear núadhphósta amach as a sheomra, agus an bhean núadhphósda amach as a cúil.

17 Guiledís na sagairt, seirbhisigh an TIGHEARNA, eidir an bpóirse agus a naltoir, agus abraidís, Coigil do phobal, a THIGHEARNA, agus ná tabhair hoighreacht chum masla, iondus go riaghlochaidís na geinte ós a ccionn: cred as a naibeoraidís a measc an phobail, Cait a bhfuil a Ndia?

18 ¶ Ann sin bíaidh an TIGHEARNA éadmhar ar son a dhúithche, agus do dhéana sé truáighe dá phobal.

19 Fós, freagóruidh an TIGHEARNA agus déaruidh re na phobal, Féuch, cuirfe mé arbhar, agus fíon, agus ola chugaibh, agus beithí sáitheach leis: agus ní dhéana mé masla dhíbh ní sa mhó a measg na ngeinteadh:

20 Acht áthrocha mé a bhfad uaibh slúagh an tuáisceirt, agus tairreonga mé é go tir fholuimh fhásuigh, gun a aghaidh leath ris an bhfairge shoir, agus a chuid síar dhe leath ris an bhfairge is faide amach, agus tiucfuidh a bhréuntas súas, agus tiucfuidh a dhrochbholadh súas, do bhrígh go ndéarnuidh sé neithe móra.

21 ¶ Ná heagluidh, a thír; bíthí gáirdeach agus lúathgháirighidh: óir do dhéana an TIGHEARNA neithe móra.

22 Ná biodh eagla oruibh, sibhsi a bheathuigh an mhagha: óir atáid inbheara a nfásuigh ag fás, óir do bheir an crann a thoradh, do bheir an crann fíge agus a nfíneamhuin a neart.

23 Bíthí meanmnach maseadh, a chlann Sion, agus lúathghairighidh annsa TIGHEARNA bhur Ndía: óir thug sé an cheidfhearthuinn díbh go measardha, agus do bheara sé air an bhfearthuinn teachd a núas chugaibh, an cheidfhearthuinn, agus a nfearthuinn dheighionach annsa chéidhmhí.

24 Agus béid na hurláir lán do chruithneacht, agus rachuid na dabhcha thairis lé fion agus le hola.

25 Agus aiseoga mé dhíbh na blíadhna a duáigh an lócust, an phéist chancair, agus an caterpiler, agus an phéist palmer, mo shlúagh mór noch do chuir mé bhur measc.

26 Agus íostaói go lór, agus beíthí sáitheach, agus molfuidhe ainm an TIGHEARNA bhur Ndía, do roinn go hiongantach ribh: agus ní náireochthar mo phobal choidhche.

27 Agus aitheontaói go bhfuilimsi a lár Israel, agus gur misi an TIGHEARNA bhur Ndía, agus nach áon ar bioth oile: agus ní náireochthar mo phobalsa choidhche.

28 ¶ Agus tiucfa a ccrích na dhiáigh sin, go ndóirtfidh mé mo spiorad air a nuile fheóil; agus go ttairrghirfid bhur mic agus bhur ningheana, do chífid bhur seandaoine aislinge, do chífid bhur nóganuigh taibhrighthe:

29 Agus fós dóirtfidh mé amach ar na hóglachuibh agus ar na bhanóglachaibh mo spiorad annsna láethibhsin.

30 Agus foillseocha mé ionganta annsna neamhuibh agus annsa talamh, fuil, agus teine, agus piléir deatuighe.

31 Fillfighear an ghrían a ndorchadas, agus an ghealach a bhfuil, riomhe an lá mór agus úathbhásach an TIGHEARNA do theacht.

32 Agus tiucfa a ccrích, gidh bé ar bioth ghoírfios air ainm an TIGHEARNA go sáorfuighear é: óir a slíabh Sion agus ann Ierusalem biáidh sáoradh, mar a deir an TIGHEARNA, agus annsa bhfuighilleach noch ghoirfios an TIGHEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí