Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 85:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Mhaith tú a gcoir do do phobal agus d'fholaigh tú a bpeacaí go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

3 Lig tú uait do dhíbheirg uile: agus chuir tú suas ded fhearg fhíochmhar.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

3 Do dhíbhfearg uile rug tu leat, A’s d’fíll ón fhearg bhí ort.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Do tharruing tú leachd do dhíbhfhearg uile: dfillis ó theas thfeirge.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Mhaith tú a gcoir do do phobal agus dʼfholaigh tú a bpeacaí go léir.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 85:3
17 Tagairtí Cros  

tabhair cluas dóibh ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh, éist lena n‑achainí agus lena n‑impí agus seas leo: maith do do phobal na peacaí a rinneadar i do choinne.


Agus dúirt sé go scriosfadh sé iad dá bhrí sin, murach Maois, an té a roghnaigh sé a dhul roimhe sa bhearna d'fhonn a fhearg a mhaolú sula ndéanfadh sé a milleadh.


Mar sin féin, toisc é bheith trócaireach mhaitheadh sé a bpeaca, gan iad a scriosadh. Is minic a chuir sé srian lena fhearg agus nár lig sé a racht amach orthu.


D'fhreagair Árón: “Ná bíodh d'fhearg, a thiarna, ar dearglasadh. Is eol duit a chlaonta chun an oilc atá an pobal seo.


Déarfaidh tú an lá sin: “Tugaim buíochas duit, a Thiarna; bhí fearg ort liom ach tá d'fhearg síothlaithe agus thug tú sólás dom.


“Sólás, beirigí sólás chuig mo mhuintir,” a deir bhur nDia.


“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh, go bhfuil a peaca maite, go bhfuair sí ó láimh an Tiarna pionós faoi dhó ina cionta go léir.”


Chuimil sé le mo bhéal í agus dúirt: “Seo, cuimleadh í seo le do bheola, tá do pheaca scriosta, tá d'urchóid clúdaithe.”


Sna laethanta sin agus san am sin, lorgfar éigeart Iosrael, ní bheidh sé ann, agus peacaí Iúdá, ní bheidh siad le fáil. Óir maithfidh mise don fhuíoll a fhágfaidh mé.


ionas go mba chuimhin leat agus go gcuirfí cotadh ort agus go gcuirfí i do thost go deo thú de bharr do náire, nuair a mhaithfidh mise duit a bhfuil déanta agat - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


Cá bhfios ná go ndéanfadh Dia athchomhairle agus go dtiocfadh aithreachas air agus go n‑imeodh an fhearg de agus nach gcaillfí sinne?”


Déanfaidh tú trócaire orainn arís; gabhfaidh tú de chosa inár bpeacaí agus caithfidh tú ár gcionta go léir isteach i nduibheagán na farraige.


Lá arna mhárach chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.


Ná coinnigh siar aon ní dár cuireadh faoi bhang i dtreo go gcasfadh an Tiarna ó fhraoch a fheirge, agus trócaire a dhéanamh ort, trua a bheith aige duit, agus an rath a chur ort mar a mhionnaigh sé do d'aithreacha -


[A spéartha, déanaigí lúcháir in éineacht leis! Tugadh clann Dé urraim dó!] A náisiúna, déanaigí lúcháir lena phobal; tráchtadh teachtairí Dé ar a chumhacht! Óir déanfaidh sé fuil a shearbhóntaí a dhíolt, agus díolfaidh sé an comhar lena naimhde. Déanfaidh sé aisíoc le lucht a fhuatha, agus déanfaidh sé fearann a phobail a íonghlanadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí