Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Zafainiá 3:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 “Ar an ábhar sin,” a deir an Tiarna, “fan liom go dtí an lá a seasfaidh mé suas i mo chúiseoir; mar tá sé socair agam na náisiúin a chruinniú, na ríochtaí a thabhairt i gceann a chéile chun go ligfidh mé mo racht amach orthu, mo chuid feirge fíochmhaire go léir. Go deimhin, ídeofar an domhan go léir le tine mo chuid éada.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 ¶ Uimesin feithidh sibhsi orumsa, a deir an TIGHEARNA, nó go ttig an lá a néireocha misi súas chum na creiche: óir isé is mían damh na cineadhacha do chruinniughadh, ionnus go ttoitheastluigh mé na rioghachda, do dhórtadh mo dioghla orra, eadhon mfearg bhorb uile: óir loisgfighear an talamh uile lé téine mo éada.

Féach an chaibidil Cóip




Zafainiá 3:8
39 Tagairtí Cros  

gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart, linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”


Mar shúile na ndaor ag faire ar lámha a dtiarna; mar shúile an chailín aimsire ag faire ar lámha a máistreása,


Fan leis an Tiarna go meanmnach; bíodh misneach i do chroí. Cuir do dhóchas sa Tiarna.


Fan leis an Tiarna; bí dílis dó agus tabharfaidh sé ardú céime duit, go mbronnfaidh ort seilbh na talún; agus feicfidh tú díothú na n‑urchóideach.


Glac suaimhneas sa Tiarna agus foighnigh leis: ná bíodh ceist ort faoin té ar a mbíonn an séan, ná faoin duine a chleachtann an choirpeacht


Don stiúrthóir. Dé réir Iduthun. Salm [le] Dáiví.


Beartaíonn siad ar mo leagan ar lár; is áil leo an t‑éitheach. Bíonn an bheannacht ina mbéal de shíor agus an mhallacht ina gcroí. Selah


Cá fhad, a Thiarna? An mbeidh tú i bhfeirg linn go deo? Cá fhad a bheidh d'fhormad ar lasadh mar thine?


Lig amach do racht ar na ciníocha; ar na ríochtaí nach bhfuil admháil acu ar d'ainm.


Ná habair: “Déanfaidh mé an t‑olc a chúiteamh”; ach bíodh do dhóchas as an Tiarna agus tiocfaidh sé i gcabhair ort.


Cuir mar shéala ar do bhrollach mé, mar fháinne ar do láimh. Óir ní láidre an bás ná an grá, ní doichte an tÉad na Tír an Bháis. Is tine dhóite é, sárlasair.


Is é seo an beart ar cinneadh air in éadan na talún go hiomlán; is í seo an lámh atá sínte amach in éadan na náisiún.


Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis.


Óir tá fearg ar an Tiarna leis na ciníocha ar fad, tá sé i bhfíoch leis an slua acu go léir; tá siad curtha faoi gheasa a millte aige, tá siad tugtha suas aige don ár.


Bhasc mé na ciníocha le cuthach, shatail mé orthu le teann feirge, agus sceith mé a súlach amach ar an talamh.


Doirt amach do dhíbheirg ar na náisiúin nach dtugann aithne duit, agus ar na ciníocha nach ngaireann ar d'ainm, óir d'ith siad Iacób agus shlog siad é, agus rinne siad a áitreabh uaigneach.


(Is é an Tiarna, sea an Tiarna, Dia na Slua, a ainm!)


An uair sin doirtfidh mé mo spiorad fiú amháin ar bhur sclábhaithe, idir fhir agus mhná.


Ach i dtaca liom féin de is ar an Tiarna a bhím ag brath; cuirim mo dhóchas i nDia mo Shlánaitheoir agus éistfidh mo Dhia liom.


Óir is le haghaidh a hionú féin amháin a tugadh an fhís seo; tá sí ag tnúthán lena comhlíonadh agus ní dhéanfaidh sí bréag. Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi; mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte; ní theipfidh uirthi choíche.


Ní fhéadfaidh a gcuid airgid ná óir iad a shábháil. Ar lá dhíbheirg an Tiarna ídeofar an domhan go léir le tine a chuid éada. Cuirfidh sé deireadh, is ea deireadh dithneasach, le háitritheoirí uile an domhain.


Leagfaidh mé ar lár ríchathaoireacha ríochtaí agus scriosfaidh mé cumhacht na náisiún; leagfaidh mé na carbaid agus na carbadóirí; titfidh capaill agus marcaigh síos, gach ceann acu le claíomh a chomharsan.


Beidh na náisiúin uile cruinnithe os a chomhair, agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile, mar a scarann an t‑aoire na caoirigh ó na gabhair.


Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loscfar an domhan agus a bhfuil d'oibreacha ann.


Ansin chuala mé guth ard ón teampall á rá leis na seacht n‑aingeal: “Imígí agus doirtigí seacht soitheach feirge Dé ar an domhan.”


spioraid deamhan iad a bhíonn ag déanamh comharthaí, agus téann siad amach chun ríthe an domhain go léir á dtionól le chéile chun catha lá mór Dé Uilechumhachtaigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí