Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 15:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ansin chonaic mé comhartha eile sna flaithis, é mór iontach: seacht n‑aingeal agus seacht bplá acu, na cinn deiridh, mar is iontusan a tugadh fearg Dé chun a críche.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Chonaic mé comhartha eile ar neamh, comhartha mór iontach, seacht n-aingeal agus seacht bplá acu, arb iad na plánna deireanacha iad, ós leo a ídítear fearg Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do chonnacas cómhartha mór eile ar neamh, cómhartha mór, iongantach, seacht n‐aingle agus seacht bpláigheanna aca, na pláigheanna deireannacha óir is leo‐san cóimhlíontar díbheirg Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Do chonnairc mé na dhiáigh sin cómhartha mór iongantach eile ar neamh, seachd naingil agá rabhádar na seachd bplágha deigheanacha; óir is ríu sin do coimhlíonadh fearg Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Ansin chonaic mé comhartha eile sna flaithis, é mór iontach: seacht n-aingeal agus seacht bplá acu, na cinn deiridh, mar is iontu-san a tugadh fearg Dé chun a críche.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 15:1
21 Tagairtí Cros  

Má chuireann sibh i m'aghaidh agus gan éisteacht liom, leagfaidh mé na plánna sin oraibh mar phionós faoi sheacht de bharr bhur bpeacaí.


agus ghlaoigh sé de ghlór ard mar leon ag búireadh. Agus nuair a ghlaoigh, labhair na seacht dtoirneach lena nglór ar leith féin.


Tá an dara mairg imithe léi. Féach, tá an tríú mairg ag teacht gan mhoill.


ólfaidh seisean chomh maith cuid d'fhíon feirge Dé arna dhoirteadh gan chumasc i gcupán a chuthaigh; déanfar é a phianadh le tine agus le ruibh os comhair na n‑aingeal naofa agus an Uain.


Agus d'imir an t‑aingeal a chorrán ar an domhan, agus bhailigh sé fómhar fíniúna an domhain, agus theilg sé é i gcantaoir mhór feirge Dé.


Ansin chuala mé guth ard ón teampall á rá leis na seacht n‑aingeal: “Imígí agus doirtigí seacht soitheach feirge Dé ar an domhan.”


Ansin tháinig ceann de na seacht n‑aingeal leis na seacht soitheach chugam, agus labhair sé liom á rá: “Gabh i leith! taispeánfaidh mé duit an breithiúnas ar an striapach mhór, í siúd atá ina suí ar na tuiltí lána.


Bhí claíomh géar ag síneadh óna bhéal chun ciníocha a bhascadh. Déanann sé iad a rialú le slat iarainn agus pasálann sé cantaoir fhíon feirge Dé Uilechumhachtaigh.


Ansin tháinig ceann de na haingil ag a raibh na seacht soitheach a bhí lán de na seacht bplá dheiridh agus d'agaill sé mé á rá: “Tar, agus taispeánfaidh mé duit an nuathair, céile an Uain.”


Ansin i bhfís dom chuala mé iolar ag glaoch go hard agus é ag eitilt in arda neimhe: “Mairg, mairg, mairg dá bhfuil ag áitreabh ar thalamh, de bharr ghlór na dtrumpaí eile atá le séideadh ag na trí haingil.”


Ansin chonaic mé seacht dtrumpa á dtabhairt do na seacht n‑aingil a bhí ina seasamh os comhair Dé.


Ansin phrapáil na seacht n‑aingil leis na seacht dtrumpaí chun iad a shéideadh.


Ach an chuid eile den chine daonna a fágadh gan marú ag na plánna seo, ní dhearna siad aithrí in oibreacha a lámh agus gan adhradh do na deamhain ná do na híola óir ná airgid ná cré-umha ná cloiche ná adhmaid, nithe atá gan cumas radhairc ná éisteachta ná siúil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí