Agus do thuit seo amach chum go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhairt an Tighearna tríd an bhfáidh, g‐á rádh,
Matha 8:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt Ésáias fáidh, Do ghabh sé chuige féin ár n‐aicídeacha, agus d’fhulaing sé ár ngalair. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tharla sin leis an ní a dúirt an fáidh Ísáia a chomhlíonadh, “Ghlac sé air féin ár n‑easláintí agus thóg sé ár n‑aicídí.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ionnas go gcóimhlíontaí an rud a bhí ráidhte ag Isaias, fháidh, a dubhairt: Ghabh sé chuige ár n-éagcruadhais, agus d’iomchar sé ár ngalair. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chum go gcoimhliónfuighthe an ní a dubhairt Esaias an fhaigh, a deir, Do ghabh seisean ar néagcrúaisne air, agus do iomchair sé ar ngalruighthe. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ionus go bhfíor-faí an chaint a dubhairt Isáias Fáidh, mar a ndubhairt sé: Do ghlac sé chuige féin ár n-easláintí agus d’fhuiling sé ár ngalara. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: “Thóg sé ár n-éagruais, agus dʼiompair sé ualach ár ngalar.” An Bíobla Naofa 1981 chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: “Thóg sé ár n‑éagruais, agus d'iompair sé ualach ár ngalar.” |
Agus do thuit seo amach chum go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhairt an Tighearna tríd an bhfáidh, g‐á rádh,
D’fhan sé annsin go bás Ioruaith, chum go gcóimhlíonfaidhe an focal adubhairt an Tighearna tríd an bhfáidh: As an Éigipt do ghlaodhas mo mhac.
agus do chómhnuigh sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: chum go gcóimhlíonfaidhe na briathra adubhairt na fáidhe: goirfear Nasardha dhe.
Agus, tar éis dul faoi do’n ghréin, tráthnóna, thugadar chuige na daoine ar a raibh easláinte, agus iad‐san ’n‐a raibh deamhain.
Agus ag dul faoi do’n ghréin, na daoine go raibh muinntear leo tinn le galaraibh ar bith, thugadar chuige iad; agus do chuir sé a lámha ar gach duine aca, agus do leigheas sé iad.
D’á bhrigh sin bainim aoibhneas as na laigeachtaibh, as na maslaibh, as na géirleanamhaintibh, as na h‐anachnaibh, ar son Chríost, óir is i n‐am mo laige is mó bhím láidir.
an té d’iomchair ár bpeacaidhe ’n‐a chorp féin ar an gcrann, chum, ar mbeith dhúinn marbh do’n pheacadh, go mairfimís do’n fhíréantacht; agus do leigheasadh sibh le n‐a chneadhaibh.