Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Peadar 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Cuiridh dhíbh, d’á bhrigh sin, gach droch‐rún, agus calaois,

2 agus gach fuar‐chrábhadh, agus éad, agus gach bíodán, agus, mar dhéanfadh naoidheanáin nua‐bheirthe, cuiridh dúil san mbainne spioradálta úr‐ghlan, gan cealg, chum go bhfásfaidh sibh chum slánuighthe d’á bhárr;

3 má bhlaiseabhar go bhfuil an Tighearna lán de mhaitheas.

4 Druididh leis, cloch shír‐bheo, d’ar dhiúltuigh na daoine, acht atá toghtha, luachmhar i bhfiadhnaise Dé.

5 Bidhidh‐se, mar an gcéadna, mar chlocha beo d’á gcur le chéile chum teach spioradálta do thógáil, chum bheith ’n‐bhur sagartacht naomhtha, chum íodhbartha spioradálta thaithneas le Dia tré Íosa Críost, d’ofráil.

6 Uime sin atá scríobhtha san scrioptúir, Féach, leagaim i Síon príomh‐chloch chúinne, thoghtha, luachmhar, Agus an té chreideas innti, ní cuirfear náire air.

7 D’á bhrigh sin, is luachmhar libh‐se é, ó chreideann sibh ann: acht i dtaobh an dreama nach gcreideann, An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, Is di‐se do rinneadh cloch chinn chúinne:

8 Agus, Cloch tuislidh, agus carraig scannail; óir tuisligheann siad ar an mbriathar, toisc iad bheith easumhal dó: agus is é do bhí i ndán dóibh.

9 Acht cineadh toghtha is eadh sibh‐se, sagartacht ríoghdha, náisiún naomhtha, pobal atá ’n‐a shealbhachas ar leith aige féin; chum go bhfógróchadh sibh tréithe oirdhearca an té do ghlaodh as an dorchadas sibh chum a sholais iongantaigh féin:

10 sibh‐se nách raibh ’n‐bhur bpobal roimhe sin, acht atá ’n‐bhur bpobal Dé anois: sibh‐se nach bhfuair trócaire, acht go bhfuil trócaire fághalta agaibh anois.

11 A cháirde ionmhaine, impidhim oraibh, mar dheoraidhthe agus mar oilithrigh, staonadh ó na h‐ainmhiantaibh colnaidhe do‐ghní troid i n‐aghaidh an anma.

12 Bíodh deagh‐iomchar macánta i measc na bPágánach agaibh; chum, gidh go labhrann siad ’n‐bhur n‐aghaidh amhail mar bhéadh sibh ’nbhur lucht mí‐ghnímh, go dtugaidh siad fá deara bhur ngníomhartha maithe, agus go dtugaidh siad glóir do Dhia i ló na cuarta.

13 Géillidh do gach ughdarás daonna ar son an Tighearna: má’s é an rí, mar árd‐riaghlóir é, nó má’s iad na goibhearnóirí iad,

14 mar dhaoine do cuireadh uaidh chum díoghaltas d’agairt ar lucht déanta an uilc, agus chum meisneach do thabhairt do lucht na ndeigh‐ghníomh.

15 Óir is é toil Dé, ag cleachtadh an chirt daoibh, go gcuirfidh sibh ainbhfios daoine dith‐céillidhe ’n‐a thost:

16 mar shaor‐dhaoine, agus gan úsáid do bhaint as bhur saoirse chum clúdach do chur ar olcas, acht mar sheirbhísigh Dé.

17 Tabhraidh onóir do gach duine. Tabhraidh grádh do na bráithribh. Bíodh eagla Dé oraibh. Tabhraidh onóir do’n righ.

18 A sheirbhíseacha, bidhidh umhal do bhur máighistribh le gach eagla; ní h‐é amháin dóibh‐sean atá maith, cneasta, acht dóibh‐sean, leis, atá mí‐réasúnta.

19 Óir is maith an nidh é, má fhoidhnigheann duine le doghrainn ar son Dé, ag fulang san éagcóir.

20 Óir cia an t‐adhbhar maoidhmheachais é, nuair ghníos sibh peacadh, agus go bhfághann sibh droch‐íde d’á bhárr, é do ghlacadh go foighdeach? acht má ghlacann sibh go foighdeach é, nuair ghníos sibh mar ba cheart, is nidh sin thaithneas le Dia.

21 Agus is chuige sin do glaodhadh sibh: de bhrigh gur fhulaing Críost féin ar bhur son, ag fágáil sompla agaibh, chum go leanfadh sibh a lorg.

22 Ní dhearna sé peacadh ariamh, agus ní fríth cealg ’n‐a bhéal.

23 Nuair do cáineadh é, ní dhearna sé athcháineadh; nuair d’fhulaing sé, ní dhearna sé bagairt; acht do chuir sé é féin fá chumhdach an té do‐bheir breitheamhnas ceart:

24 an té d’iomchair ár bpeacaidhe ’n‐a chorp féin ar an gcrann, chum, ar mbeith dhúinn marbh do’n pheacadh, go mairfimís do’n fhíréantacht; agus do leigheasadh sibh le n‐a chneadhaibh.

25 Óir do bhí sibh mar chaoirigh ag dul ar fán; acht anois atá sibh fillte chum Aodhaire agus chum Easpuig bhur n‐anmann.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí