Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:40 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

40 Agus ag dul faoi do’n ghréin, na daoine go raibh muinntear leo tinn le galaraibh ar bith, thugadar chuige iad; agus do chuir sé a lámha ar gach duine aca, agus do leigheas sé iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

40 Anois nuair a bhí an ghrian ag dul faoi, thug siad chuige a raibh breoite acu dʼaicídí ilchineálacha; agus leag sé a lámha ar an uile dhuine acu agus leigheas sé iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

40 Agus indiaidh luighe na gréine an méid a raibh daoine acu a bhí tinn le galair de’n uile sheort, thug siad chuige iad. Agus ag cur a lámh dó-san ar gach aoinneach acu leigheas sé iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

40 Agus ar ndul don ghrein faoi, gach áon ága rabhadar dáoine eagcrúaidh ó thinneasaibh éugsamhla tugadar chuigesean íad; agus ar gcur a láimh dhósan ar gach áon díobh, do shlánuigh sé íad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

40 Agus tar éis dul gréine fé, an mhuintir go raibh daoine gan sláinte acu nó go raibh aon tsaghas daoine breóite acu bhíodar ’ghá dtabhairt chuige; agus chuireadh sé a lámh ar gach duine acu agus leighiseadh sé iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

40 Ar dhul faoi don ghrian, cách a raibh daoine acu a bhí tinn ó aon sórt galair, thug siad chuige iad; chuir sé a lámha ar gach duine acu agus leigheas iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

40 Ar dhul faoi don ghrian, cách a raibh daoine acu a bhí tinn ó aon sort galair, thug siad chuige iad; chuir sé a lámha ar gach duine acu agus leigheas iad.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:40
12 Tagairtí Cros  

atá radharc ag dallaibh, agus siubhlann bacaigh, glantar na lobhair, agus atá éisteacht ag bodhránaibh, aithbheodhtar na mairbh, agus atá an soiscéal d’á innsint do na bochtaibh.


Agus nuair do‐chuala Íosa é, d’imthigh sé i mbád ó’n áit sin, isteach i n‐áit fhásamhail uaignigh: agus nuair do‐chuala na sluaighte sin, do leanadar d’á gcois é ó na cathrachaibh.


óir do bhí sé tar éis mórán daoine do leigheas; ar chuma go raibh na daoine ar a raibh aicíd ar bith, go raibh siad ag brúghadh isteach air, ag cuimilt leis.


agus adubhairt sé leis i n‐athchuingheachaibh, Atha m’inghean bheag i riochtaibh báis: impighim ort teacht agus do lámh do chur uirthi, chum go leigheasfaidhe í, agus go mairfeadh sí.


Agus níor fhéad sé aon obair chumhachtach do dhéanamh ins an áit sin, acht amháin a lámha do chur ar roinnt daoine breoite, agus iad do leigheas.


i dtreo go mbeirthí ó n‐a cholainn ciarsúirí nó aprúin chum na ndaoine breoite, agus go n‐imthigheadh na h‐aicídí dhíobh, agus go n‐imthigheadh na droch‐spioraidí asta.


ionnas go n‐iomchraidís na daoine breoite amach ar na sráidibh, agus chuiridís ar leabthachaibh agus ar thochtaibh iad, le súil, ag dul thart do Pheadar, go dtuitfeadh a scáil féin ar dhuine aca.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí