Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:41 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Agus tháinig deamhain as mórán, leis, ag liughraigh dhóibh, g‐á rádh, Is tusa Mac Dé. Acht do smachtuigh sé iad, agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir do b’eol dóibh gurbh é an Criost é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Agus tháinig na deamhain amach as mórán acu, agus iad ag glaoch os ard, “Is tú Mac Dé!” Ach is amhlaidh a bhagair sé orthu agus níor lig dóibh labhairt, as siocair gur aithin siad gurbh é an Críost é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Agus d’imthigheadh deamhain amach as mórán agus iad ag scairtigh agus ag rádh: Is tú Mac Dé; agus bhagradh sé ortha agus ní leigeadh sé dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh eisean an Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 Agus fós do imthighid ís na deamhain as mórán, ag éighmhe, agus ag rádh, Is tusa Críod Mac Dé. Achd dá nimdheargadh dhósan ní léigheadh sé dhóibh a rádh: go raibh a fhios aca gur bhé féin Críosd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Agus nuair a bhíodh na deamhain ag imtheacht amach as a lán daoine bhídís ag liúirigh, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smachtuigheadh sé iad agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir d’aithnighdís gur bh’é Críost e.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Agus bhí mórán freisin, a n-imíodh na deamhain amach astu, ag screadach agus ag rá: “Is tú Mac Dé.” Agus labhair sé leo go bagrach agus níor lig dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh é an Críost é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

41 Agus bhí mórán freisin, a n‑imíodh na deamhain amach astu, ag screadach agus ag rá: “Is tú Mac Dé.” Agus labhair sé leo go bagrach agus níor lig dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh é an Críost é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:41
14 Tagairtí Cros  

Acht d’fhan Íosa ’n‐a thost. Agus adubhairt an t‐árd‐shagairt leis, Iarraim ort, i n‐ainm Dé bhí, a innsin dúinn an tú an Críost, mac Dé.


Agus tháinig an t‐aidhbheirseoir, agus adubhairt sé leis, Má’s tusa Mac Dé, órduigh arán do dhéanamh de na clochaibh seo.


Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tugadh chuige a lán daoine i n‐a raibh deamhain: agus do chaith sé amach na spioraide le n‐a fhocal, agus do leigheas sé na daoine do bhí breoite:


Agus, féach, do ghlaodhadar amach agus adubhradar, Cad é an bhaint atá againn leat‐sa, a Mhic Dé? an chum sinn do chiapadh roimh an aimsir tháinig tú?


Agus adubhairt Íosa leis, Tabhair aire gan innsint d’aoinneach faoi; acht imthigh, taisbeán thú féin do’n tsagart, agus déan an íodhbairt d’órduigh Maois, mar fhiadhnaise dhóibh.


Agus do bhagair Íosa air agus adubhairt, Bí id’ thost, agus tar amach as.


Agus, tar éis dul faoi do’n ghréin, tráthnóna, thugadar chuige na daoine ar a raibh easláinte, agus iad‐san ’n‐a raibh deamhain.


Agus do leigheas sé a lán daoine ar a raibh galair ilghnéitheacha, agus do chaith sé amach a lán deamhan; agus níor cheaduigh sé do na deamhanaibh labhairt, mar d’aithnigheadar é.


Agus nuair do‐chíodh na spioraide neamh‐glana é, do shléachtaidír dó, agus do ghlaodhaidís amach agus adeiridís, Is tusa Mac Dé.


Agus do sheas sé os a cionn, agus do smachtuigh sé an fiabhras; agus d’imthigh sé dhí: agus d’éirigh sí ar an láthair, agus do‐rinne sí friotháileamh ortha.


acht do scríobhadh an méid seo chum go gcreidfeadh sibh gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideamhain, go mbéadh an bheatha agaibh ’n‐a ainm‐sean.


Creideann tusa nach bhfuil acht aon Dia amháin ann; is maith do‐ghní tú; creideann na deamhain féin é, leis, agus bíonn baill‐chrith ortha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí