Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 Agus le gealadh an lae, tháinig sé amach agus chuaidh sé amach go h‐áit fhásamhail: agus do bhi na sluaighthe g‐á lorg, agus thángadar chum na h‐áite ’n‐a raibh sé, agus do bhíodar ag iarraidh a chongbháil, chum nach n‐imtheochadh sé uatha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 Agus nuair a bhí sé ina neart lae dʼimigh sé leis go ndeachaigh go háit fhásúil gan áitreabh. Agus chuaigh na daoine ar a lorg agus tháinig siad go dtí é, agus mian orthu gan ligean dó imeacht uathu;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Agus ag dul amach dó, nuair a bhí sé ina lá, chuaidh sé go h-áit uaignigh, agus bhí na sluaighte ghá chuartughadh, agus tháinic siad fhad leis, agus bhí siad ghá chongbháil, ar eagla go n-imthigheadh sé uatha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Agus ar néirghe don lá, do imthigh sé a mach, agus do chúaidh sé a nionad fasamháil: agus do bhí an slúagh agá lorgaireachd, agus tangadar chuige, agus do bhádar dá chonghbhail, do chum nách achradh sé úatha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Agus nuair tháinig an lá d’imthigh sé amach agus chuaidh sé i n-áit uaigneach, agus bhí na sluaighte ’ghá lorg, agus thánadar chun na h-áite ’n-a raibh sé, agus bhíodar ’ghá choimeád le h-eagla go n-imtheóchadh sé uatha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 Nuair a bhí ina lá, ar dhul amach dó, chuaigh sé go dtí áit uaigneach. Ach bhí na sluaite dá lorg agus tháinig siad mar a raibh sé, agus bhí dá choinneáil le heagla go n-imeodh sé uathu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

42 Nuair a bhí ina lá, ar dhul amach dó, chuaigh sé go dtí áit uaigneach. Ach bhí na sluaite á lorg agus tháinig siad mar a raibh sé, agus bhí á choinneáil le heagla go n‑imeodh sé uathu.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:42
10 Tagairtí Cros  

Acht d’imthigh seisean amach, agus do thosnuigh sé ar an scéal d’innsint agus do chraobhscaoileadh go foirleathan, i dtreo nár fhéad Íosa dul isteach go poiblidhe i gcathair, acht gur fhan sé amuigh i n‐áiteannaibh fásamhla: agus tháinig na daoine chuige as gach áird.


Acht do chuireadar tathant air, g‐á rádh, Fan againne: óir atá sé ’n‐a thráthnóna, agus atá an lá caithte cheana féin.


Agus tharla ins na laethibh sin, go ndeachaidh sé amach ar an gcnoc chum urnaighe do dhéanamh; agus d’fhan sé ar feadh na h‐oidhche ag guidhe chum Dé.


Adubhairt Íosa leo, Is é mo bhiadh‐sa toil an té do chuir uaidh mé do dhéanamh, agus a ghnó do chóimhlíonadh.


Ar an adhbhar sin, nuair tháinig na Samáritánaigh chuige, d’impidheadar air fanamhain aca; agus d’fhan sé annsin dhá lá.


nuair do chonnaic an sluagh nach raibh Íosa ná a dheisceabail annsin, do chuadar féin isteach ins na bádaibh, agus thángadar go Cafarnaúm ar lorg Íosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí