Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:41 - An Bíobla Naofa 1981

41 Agus bhí mórán freisin, a n‑imíodh na deamhain amach astu, ag screadach agus ag rá: “Is tú Mac Dé.” Agus labhair sé leo go bagrach agus níor lig dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh é an Críost é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Agus tháinig na deamhain amach as mórán acu, agus iad ag glaoch os ard, “Is tú Mac Dé!” Ach is amhlaidh a bhagair sé orthu agus níor lig dóibh labhairt, as siocair gur aithin siad gurbh é an Críost é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Agus d’imthigheadh deamhain amach as mórán agus iad ag scairtigh agus ag rádh: Is tú Mac Dé; agus bhagradh sé ortha agus ní leigeadh sé dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh eisean an Críost.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Agus tháinig deamhain as mórán, leis, ag liughraigh dhóibh, g‐á rádh, Is tusa Mac Dé. Acht do smachtuigh sé iad, agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir do b’eol dóibh gurbh é an Criost é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 Agus fós do imthighid ís na deamhain as mórán, ag éighmhe, agus ag rádh, Is tusa Críod Mac Dé. Achd dá nimdheargadh dhósan ní léigheadh sé dhóibh a rádh: go raibh a fhios aca gur bhé féin Críosd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Agus nuair a bhíodh na deamhain ag imtheacht amach as a lán daoine bhídís ag liúirigh, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smachtuigheadh sé iad agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir d’aithnighdís gur bh’é Críost e.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Agus bhí mórán freisin, a n-imíodh na deamhain amach astu, ag screadach agus ag rá: “Is tú Mac Dé.” Agus labhair sé leo go bagrach agus níor lig dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh é an Críost é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:41
14 Tagairtí Cros  

D'fhan Íosa ina thost. Dúirt an t‑ardsagart leis: “Cuirim ort as ucht Dé bheo a insint dúinn an tú an Críost Mac Dé.”


Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: “Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.”


Nuair a bhí an tráthnóna ann, thug siad chuige mórán a raibh deamhain iontu, agus thiomáin sé na spioraid amach lena fhocal, agus iad seo uile a bhí tinn leigheas sé iad,


Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?”


Dúirt Íosa leis ansin: “Ná hinis do dhuine ar bith é, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin, agus déan an ofráil a d'ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”


Labhair Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus gabh amach as.”


Nuair a bhí an tráthnóna ann, tar éis luí gréine, thug siad chuige cách a bhí tinn agus na daoine a raibh deamhain iontu.


agus leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair, agus chaith sé amach mórán deamhan, agus ní ligeadh sé do na deamhain labhairt, mar bhí a fhios acu cérbh é.


Agus nuair a d'fheiceadh na spioraid mhíghlana é, chaithidís iad féin síos roimhe agus screadadh siad amach: “Is tú Mac Dé!”


Agus ina sheasamh dó os a cionn thug sé ordú géar don fhiabhras, agus d'fhág an fiabhras í; agus d'éirigh sí ar an mball agus thosaigh ag freastal orthu.


Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm.


Creideann tú gurb aon é Dia, agus is maith mar a dhéanann tú; ach creideann na deamhain chomh maith, agus bíonn siad ar crith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí