2 Corantaigh 12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Caithfidh mé maoidhmheachas do dhéanamh, gidh nach bhfuil sé tairbheach; acht tiocfad go dtí aislingí agus taidhbhridhthe ó’n Tighearna. 2 Is aithnid dom fear i gCríost, ceithre bliadhna ó shoin (cia aca san cholainn, ní fheádar; nó taobh amuigh de’n cholainn, ní fheadar; is ag Dia atá a fhios); a leithéid sin d’fhear do fuaduigheadh suas chómh fada leis an treas flaitheas. 3 Agus is eol dom an fear sin (san cholainn, nó taobh amuigh de’n cholainn dó, ní fheadar; is ag Dia atá a fhios), 4 gur fuaduigheadh é suas go Párrthas, agus go gcuala sé briathra do‐innste, nach cuibhe do’n duine d’aithris. 5 Déanfad maoidhmheachas as a leithéid sin, acht ní dhéanfad maoidhmheachas asam féin, munab as mo laigeachtaibh é. 6 Óir dá mba mhian liom maoidhmheachas do dhéanamh, ní bhéidhead díth‐chéillidhe; óir déarfad an fhírinne: acht staonaim uaidh, ar eagla go mbéadh meas ag aon duine orm thar a bhfeiceann sé bheith ionnam, nó thar a gcluineann sé uaim. 7 Agus mar gheall ar fheabhas na dtaidhbhreadh sin, ar eagla go mbéadh móráil thar fóir orm, tugadh dhom dealg san bhfeoil, teachtaire Shátain chum mo chiaptha, chum nach ndéanfainn mórtas thar fóir. 8 D’impidheas ar an Tighearna ’n‐a thaobh sin trí h‐uaire go dtógfaidhe uaim é, 9 agus adubhairt sé liom, Is leor duit mo ghrása: óir is i laige nochtar mo chumhacht‐sa. Uime sin is móide dhéanfad mórtas as mo laige, chum go mbéidh cumas Chríost mar dhídean orm. 10 D’á bhrigh sin bainim aoibhneas as na laigeachtaibh, as na maslaibh, as na géirleanamhaintibh, as na h‐anachnaibh, ar son Chríost, óir is i n‐am mo laige is mó bhím láidir. 11 Atá duine dith‐céillidhe déanta agam díom féin: acht is sibh‐se do chuir d’fhiachaibh orm é; óir ba cheart go bhfaighinn moladh uaibh: óir gidh nach éinnidh ionnam féin mé, ní fhuilim ar deireadh i gcomórtas leis na h‐abstalaibh is áirde clú. 12 Do rinneadh cómharthaí abstail ’n‐bhur measc le mór‐fhoighid, le míorbhailtibh, le h‐iongantaisibh agus le mór‐chumhachtaibh. 13 Óir cia an leath‐chuma do rinneadh oraibh‐sa thar a rinneadh ar na h‐eaglaisibh eile, munarbh é nach raibh mé féin mar throm‐ualach oraibh? maithidh dhom an éagcóir sin. 14 Feachaidh, seo í an treas uair atáim ullamh chum teacht chugaibh; agus ní bhéidead mar ualach oraibh, óir ní h‐é bhur gcuid atáim do shanntú, acht sibh féin: óir ní h‐iad an chlann gur dual dóibh soláthairt fá chómhair na dtuismightheoir, acht gur dual na tuismightheoiribh soláthairt do’n chlainn. 15 Agus is le fonn chaithfead‐sa mo chuid airgid, agus béidhead dom’ chaitheamh féin mar mhaithe le n‐bhur n‐anmannaibh. Dá mhéid é mo ghrádh dhaoibh, an amhlaidh an lugha‐de bhur ngrádh dhamh‐sa é? 16 Bíodh gur fíor nach rabhas féin mar ualach oraibh; acht is amhlaidh bhíos ro‐ghlic daoibh, agus do mheallas lem’ chleasaibh sibh! 17 An bhfuaras brabach ar bith de bhárr aon duine d’ár chuireas chugaibh? 18 D’impidheas ar Thítus dul, agus do chuireas an bráthair i n‐éinfheacht leis. An bhfuair Títus aon bhrabach oraibh? nach i n‐aon Spiorad amháin do shiubhlamar? nach aon lorg amháin do leanamar? 19 Measann sibh ar feadh an ama so gur ag cumadh leithscéil atáimíd. Is i bhfiadhnaise Dé labhraimíd i gCríost. Is ar mhaithe libh‐se, a chairde ionmhaine, adeirim gach nidh. 20 Óir is eagal liom, nuair thiocfad, nach bhfaighead sibh bheith mar ba mhian liom, agus go bhfaigheadh sibh mise gan bheith mar nár mhian libh; ar eagla, b’fhéidir, go mbéadh achrann, formad, fearg, deaghailt, cúl‐chainnt, bíodán, éirghe‐i‐n‐áirde, círéibh; 21 ar eagla, nuair thiocfad arís, go n‐umhlóchaidh Dia ’n‐bhur measc mé, agus go mbéidh orm a lán díobh‐san do chaoineadh do rinne peacadh cheana, gan aithrighe do dhéanamh san míoghlaine, agus san striapachas, agus san drúis do chleachtadar. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society