Baistim‐se le h‐uisce sibh chum aithrighe; acht an té atá ag teacht im’ dhiaidh, is treise é ’ná mise, agus ní fiú mise a bhróga d’iomchar: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le teinidh. Atá a cháithteachán ’n‐a láimh aige,
Lúcás 3:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tháinig sé isteach sa gceanntar i dtimcheall Iornán, ag fógairt baistidh na h‐aithrighe chum maitheamhnais na bpeacadh; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus shiúil sé an tír a bhí ar dhá thaobh Abhainn Iornáin, ag foilsiú baiste aithreachais le haghaidh maithiúnas peaca a fháil. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus tháinic sé ar fud na gcríoch go léir timcheall na h-Iordáine ag teagasc baisteadh aithrighe chun maitheamhnas peacaidhe, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Uime sin tháinic sé ar feadh na dúithche a dtimcheall Iórdan, ag seanmóir bhaisdigh na haithrighe chuin maithmbeachuis na bpeacadh; Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tháinig sé ar fuid na gcríoch go léir ar bruach Iórdain ag fógairt baiste chun aithrighe agus chun maitheamhnachais peacaí, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ghabh sé ar fud na tíre go léir timpeall na hIordáine ag fógairt baiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh, An Bíobla Naofa 1981 Agus ghabh sé ar fud na tíre go léir timpeall na Iordáine ag fógairt bhaiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh, |
Baistim‐se le h‐uisce sibh chum aithrighe; acht an té atá ag teacht im’ dhiaidh, is treise é ’ná mise, agus ní fiú mise a bhróga d’iomchar: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le teinidh. Atá a cháithteachán ’n‐a láimh aige,
Agus d’fhill Íosa, lán de’n Spiorad Naomh, ar ais ó Iórnán, agus do threornuigh an Spiorad sa bhfásach é,
Tharla an méid sin i mBétánia ar an taobh thall de Iórnán, mar a raibh Eoin ag baisteadh.
Agus thángadar chum Eoin, agus adubhradar leis, A Rabbí, an té úd do bhí id’ fhochair taobh thall de Iórnán, go dtug tú fiadhnaise ’n‐a thaobh, féach, atá sé ag baisteadh, agus atá gach aoinneach ag teacht chuige.
Agus adubhairt Pól, Do bhaist Eoin le baisteadh na h‐aithrighe, g‐á radh leis na daoinibh creideamhain san té do bhí le teacht ’n‐a dhiaidh, is é sin, i nÍosa.
Agus cad chuige an mhoill sin ort anois? éirigh, baistthear thú, agus nigh dhíot do pheacaidhe, ag glaodhach ar a ainm.