Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 3:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Baistim‐se le h‐uisce sibh chum aithrighe; acht an té atá ag teacht im’ dhiaidh, is treise é ’ná mise, agus ní fiú mise a bhróga d’iomchar: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le teinidh. Atá a cháithteachán ’n‐a láimh aige,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 “Bímse do bhur mbaisteadh in uisce chun aithrí, ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is mó é ná mise, agus ní fiú mé a chuaráin a iompar; déanfaidh seisean bhur mbaist­eadh leis an Spiorad Naomh agus leis an tine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Baistim-se sibh leoga le h-uisce chun aithrighe; acht an té atá le theacht i mo dhiaidh, is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga d’iomchar: baistfidh seisean sibh leis an Spioradh Naomh agus le teinidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Go deimhin baisdimsi sibh lé huisge do chum aithrighe: achd cheana an té thig am dhíaigh is láidire é ná me, agus ni fíu misi a bhróga diomchur: baisdfe seisean leis an Spioraid Náomh, agus lé teinigh sibh:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Táim-se ag bhúr mbaiste le h-uisge chun aithrighe, ach an t-é atá ag teacht am’ dhiaidh is cómhachtaíghe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a bhróga d’iompar; baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Táim-se do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:11
29 Tagairtí Cros  

agus do bhaist sé i nIórnán iad, agus iad ag admháil a bpeacadh.


Do bhí Eoin ag baisteadh ins an bhfásach agus ag seanmórú baiste na h‐aithrighe chum maitheamhnais na bpeacadh.


Agus gluaisfidh sé roimhe i gcumhacht Éliais, chum croidhthe na n‐athar d’iompódh chum na clainne, agus chum an lucht easumhal d’iompodh chum eagna na bhfíréan, agus chum pobal fíréan d’ullmhú do’n Tighearna.


d’fhreagair Eoin, agus adubhairt sé leo, Baistim‐se le h‐uisce sibh; acht atá an té is treise ’ná mé ag teacht, agus ní fiú mé go scaoilfinn iall a bhróg: baistfidh seisean leis an Spiorad Naomh agus le teinidh sibh:


Agus tháinig sé isteach sa gceanntar i dtimcheall Iornán, ag fógairt baistidh na h‐aithrighe chum maitheamhnais na bpeacadh;


Do‐bheir Eoin fiadhnaise ’n‐a thaobh agus glaodhann sé, g‐á rádh, Is é seo an té go ndubhras ’n‐a thaobh, An té atá ag teacht im’ dhiaidh, do cuireadh rómham é, óir bhí sé ann rómham.


Is é sin an té go ndubhras ’n‐a thaobh, Atá ag teacht im’ dhiaidh fear do cuireadh rómham, óir do bhí sé ann rómham.


óir do‐rinne Eoin baisteadh go dearbhtha le h‐uisce; acht baistfear sibh‐se leis an Spiorad Naomh taobh istigh de bheagán laethe.


Agus adubhairt Pól, Do bhaist Eoin le baisteadh na h‐aithrighe, g‐á radh leis na daoinibh creideamhain san té do bhí le teacht ’n‐a dhiaidh, is é sin, i nÍosa.


Agus san tslighe dhóibh, thángadar mar a raibh uisce; agus adubhairt an coillteánach, Féach, an t‐uisce; Créad atá ag cur coisc lem’ bhaisteadh?


Agus d’órduigh sé an carbad do chur ’n‐a stad: agus do chuadar beirt, Pilib agus an coillteánach, síos isteach san uisce; agus do bhaist sé é.


Óir i n‐aon Spiorad amháin is eadh do baisteadh sinn chum aon chorp amháin do dhéanamh, is cuma cia aca lúdaigh nó Gréagaigh sinn, nó cia aca daor nó saor dúinn; agus gur ólamar uile de’n aon Spiorad amháin.


Dámh‐sa, atá níos lugha ’ná an té is lugha de na naomhaibh go léir, tugadh an grása so, chum saidhbhreas do‐chuarduighthe Chríost do sheanmorú do na Cineadhachaibh;


ní h‐é do réir gníomhartha fíréanta do bhí déanta againn, acht do réir a thrócaire féin, do shlánuigh sé sinn, tré bhaisteadh na h‐aith‐gheineamhna agus tré athnuadhadh an Spioraid Naoimh;


Ar an gcuma chéadna, cuireadh an t‐aos óg iad féin fá cheannas na seanóir. Bíodh an umhlacht mar chlúdach oraibh, óir cuireann Dia i n‐aghaidh na n‐uaibhreach, acht do‐bheir sé grása do na h‐umhlaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí