Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 3:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus baileochaidh sé a chuid cruitneachtan isteach sa scioból; agus loiscfidh sé an cháith le teinidh nach féidir do mhúchadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Tá an dallán ina láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus cruinneoidh sé a chruithneacht isteach san iothlainn, ach loiscfidh sé an cháith i dtine nach múchtar.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Agus tá a shluasad cháithte ina láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus cruinneochaidh sé a chruithneacht isteach san scioból, acht dóighfidh sé an cháith le teinidh dho-mhúchta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agá bhfuil a críathar ann a láimh, agus glanfuigh sé urlár a bhúailte, agus cruinneochuigh sé an chruithneachd an ait thaisgidhe; agus loisgfidh sé an cháidh lé teinigh nach éidir do mhúchadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Tá a ghléas cáithte i n-a láimh aige, agus glanfaidh sé a úrlár buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruithneachtan isteach sa sgioból, agus loisgfidh sé an lóchán le teine nach féidir a mhúchadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léir-ghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dho-mhúchta.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:12
30 Tagairtí Cros  

go sracfadh sibh an chruithneacht as a fhréamhachaibh leis. Leigidh dhóibh araoin fás go dtí an fóghmhar: agus i n‐aimsir an fhóghmhar adéarfad‐sa leis na buanaidhthibh, Bailighidh ar dtús an cogal, agus ceanglaidh é ’n‐a phunnannaibh le dóghadh; acht bailighidh an chruithneacht isteach im’ scioból.


Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach, agus baileochaidh siad as a ríoghacht gach adhbhar scannail, agus lucht déanta an uilc,


agus caithfidh sé isteach sa teinidh loiscnigh iad: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.


Annsin béidh na fíréin ag soillsiú ar nós na gréine i ríoghacht a nAthar. An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé.


d’fhreagair Eoin, agus adubhairt sé leo, Baistim‐se le h‐uisce sibh; acht atá an té is treise ’ná mé ag teacht, agus ní fiú mé go scaoilfinn iall a bhróg: baistfidh seisean leis an Spiorad Naomh agus le teinidh sibh:


atá a ghaothachán ’n‐a láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus baileochaidh sé a chuid cruithneachtan isteach ’n‐a scioból; acht dóighfidh sé an cháith le teinidh dhó‐mhúchta.


Aon chraobh díom nach dtugann toradh, scoitheann sé í: agus aon chraobh do‐bheir toradh, glanann sé í chum go dtiubhradh sí tuilleadh tortha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí