Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 3:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Táim-se ag bhúr mbaiste le h-uisge chun aithrighe, ach an t-é atá ag teacht am’ dhiaidh is cómhachtaíghe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a bhróga d’iompar; baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 “Bímse do bhur mbaisteadh in uisce chun aithrí, ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is mó é ná mise, agus ní fiú mé a chuaráin a iompar; déanfaidh seisean bhur mbaist­eadh leis an Spiorad Naomh agus leis an tine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Baistim-se sibh leoga le h-uisce chun aithrighe; acht an té atá le theacht i mo dhiaidh, is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga d’iomchar: baistfidh seisean sibh leis an Spioradh Naomh agus le teinidh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Baistim‐se le h‐uisce sibh chum aithrighe; acht an té atá ag teacht im’ dhiaidh, is treise é ’ná mise, agus ní fiú mise a bhróga d’iomchar: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le teinidh. Atá a cháithteachán ’n‐a láimh aige,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Go deimhin baisdimsi sibh lé huisge do chum aithrighe: achd cheana an té thig am dhíaigh is láidire é ná me, agus ni fíu misi a bhróga diomchur: baisdfe seisean leis an Spioraid Náomh, agus lé teinigh sibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Táim-se do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:11
29 Tagairtí Cros  

Agus bhí sé ’ghá mbaiste sa n-Iórdan agus iad ag déanamh faoísdine i n-a bpeacaíbh.


Bhí Eóin sa bhfásach ag baisteadh agus ag fógairt baiste chun aithrighe agus cun maitheamhnachais peacaí.


Agus gluaiseóchaidh sé roimis amach i spioraid agus i gcómhacht Eliais, chun croidhthe na n-athar d’iompáil ar an gclainn, agus chun lucht díthchreidimh d’iompáil chun eagna na bhfíoraon, agus pobul fíoraon d’ollamhú do’n Tighearna.


Agus d’fhreagair Eóin agus dubhairt leó go léir: Táim-se ag bhúr mbaisteadh le h-uisge; ach tiocfaidh duine is treise ’ná mé, duine nách fiú mé go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh. Baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine.


Agus tháinig sé ar fuid na gcríoch go léir ar bruach Iórdain ag fógairt baiste chun aithrighe agus chun maitheamhnachais peacaí,


Tugann Eóin fiadhnaise ’n-a thaobh, agus labhrann sé os árd agus deir sé: B’é seo an t-é ar a ndubhart: An t-é atá le teacht am’ dhiaidh do cuireadh rómham é, óir bhí sé rómham.


Sidé an t-é ar a ndubhart: Tá fear ag teacht am’ dhiaidh, agus do luadhadh rómham é, óir do bhí sé rómham;


Gur dhein Eóin baiste le h-uisge ach go ndéanfar sibhse do bhaiste leis an Spioraid Naomh laistigh de bheagán laethanta.


Agus dubhairt Pól: Do bhaist Eóin na daoine le baiste aithrighe agus dubhairt sé leó nár bh’foláir dóibh creideamhaint sa’ t-é a bhí le teacht ’n-a dhiaidh féin, ’sé sin i n-Íosa.


Agus, ag cur na slíghe dhíobh dóibh thánadar mar a raibh uisge, agus dubhairt an coillteánach: Féach an t-uisge, cad ’tá am chosg air go mbaistfí mé?


Agus d’órduigh sé an carbad do stop agus thúirlingeadar araon sa n-uisge, Pilib agus an coillteánach, agus do bhaist sé é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí