Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 3:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus cheana féin atá an tuagh curtha ar fhréimh na gcrann: ar an adhbhar sin crann ar bith nach dtugann toradh maith, leagfar é agus caithfear é sa teinidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Agus anois féin tá béal na tua leagtha anuas ar bhun na gcrann; agus beidh an crann nach dtugann dea-thoradh uaidh á ghearradh anuas agus á chaitheamh isteach sa tine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Tá an tuagh leagtha cheana féin ar bhun na gcrann: Ar an adhbhar sin, gach crann nach dtabhrann déagh-thoradh, gearrfar agus caithfear san teinidh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus a nois atá an túagh ar na cur do chum fréimhe na gcrann: air a nadhbharsin giodh bé crann nach iomchrann toradh maith gearrthar é, agus teilgthear san teinidh é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Tá an tuagh cheana féin ar phréimh na gcrann. Agus gach crann ná tabharfaidh toradh fóghanta uaidh leagfar é agus curfar sa teine é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:10
26 Tagairtí Cros  

Agus ar fheicsin crainn fige dhó le cois an bhealaigh, tháinig sé chuige, agus ní fhuair sé aon rud air, acht duilleoga amháin; agus adubhairt sé leis,


Gach crann nach dtugann toradh maith gearrtar é, agus caithtear sa teinidh é.


Óir má ghníd na neithe seo san adhmad úr, créad do‐ghéantar san adhmad críon?


Agus cheana féin atá an tuagh curtha ar fhréimh na gcrann: gach uile chrann, d’á bhrigh sin, nach dtugann toradh maith uaidh, gearrtar é, agus caithtear sa teinidh é.


Aon chraobh díom nach dtugann toradh, scoitheann sé í: agus aon chraobh do‐bheir toradh, glanann sé í chum go dtiubhradh sí tuilleadh tortha.


Aon duine nach bhfanann ionnam‐sa, caithtear é amach amhail craobh, agus feoghann sé; agus bailightear iad agus caithtear isteach sa teinidh iad, agus dóightear iad.


Tabhraidh aire gan eiteach do thabhairt do’n té labhras. Óir muna dtáinig an dream slán do dhiúltuigh do’n té thug rabhadh dóibh ar talamh, is lugha‐de thiochfaimíd‐ne slán má thugaimíd cúl do’n té do‐bheir rabhadh ó neamh anuas:


acht má bheireann sé driseach agus feochadáin, baintear deireadh dúile dhe; tá sé i mbaoghal a mhalluighthe, agus is é a dheireadh a loscadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí