Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 3:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 agus ná h‐abraidh ’n‐bhúr n‐aigne: Atá Abracham ’n‐a athair againn: óir adeirim libh gur féidir le Dia clann do thógáil d’Abracham de na clochaibh seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 agus ná bíodh sé de dhánacht agaibh a rá in bhur n‑intinn féin, ‘Is é Abracham is athair dúinn’; mar táim á insint daoibh, go bhféadann Dia na clocha seo a chur ina seasamh agus clann Abrachaim a dhéanamh díobh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus ná samhluighigidh a rádh libh féin: Tá Abraham ina athair againn; óir deirim-se libh gur féidhir do Dhia clann a thógáil do Abraham as na clocha sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus na smúainidh a rádh ionnaibh féin, Atá Abraham na athair aguin: óir a deirim ribh, gurab éidir lé Día clan dhéanamh Dabrahám do na clochuibhsi.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Ná h-abraidh i n-bhúr n-aigne: Tá Ábraham i n-a athair againn; óir deirim-se libh gur féidir do Dhia clann a dhéanamh d’Ábraham des na clochaibh sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 agus nárab áil libh a rá libh féin: ‘Tá Abrahám mar athair againn’, óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil dʼAbrahám as na clocha seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 agus nárab áil libh a rá libh féin: ‘Tá Abrahám mar athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil d'Abrahám as na clocha seo.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:9
22 Tagairtí Cros  

Óir is ó’n taobh istigh, amach as croidhe an duine, thig droch‐smaointe, agus striapachas, agus goid, agus dúnmharbhadh,


agus do‐rinne sé machtnamh ’n‐a aigne g‐á rádh, Créad do‐ghéanad, óir ní fhuil slighe agam chum mo chuid torthaí do chur i dtaisce?


Agus do liúigh sé agus adubhairt. A athair Abracham, déan trócaire orm, agus cuir uait Lasár, go gcuiridh sé bárr a mhéire i n‐uisce, chum mo theanga d’fhuaradh: óir atáim fá chrádh sa lasair seo.


Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt, Adeirim libh, má éisteann siad‐san a mbéal, go nglaodhfaidh na clocha féin amach.


Tabhraidh uaibh, d’á bhrigh sin, torthaí oireas do bhúr n‐aithrighe, agus ná tosnuighidh ar a rádh libh féin, Atá Abracham ’n‐a athair againn: óir adeirim libh, gur féidir le Dia sliocht d’Abracham do thógáil ó na clochaibh sin.


Acht ó ba léir d’Íosa a smaointe, d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo. Cad chuige dhaoibh bheith ag ceasnú i n‐bhúr gcroidhthibh?


Agus an Fairisíneach thug an cuireadh dhó, nuair do chonnaic sé sin, adubhairt sé ’n‐a inntinn féin, Dá mba fáidh an fear so, do bhéadh a fhios aige cia h‐í an bhean so atá ag baint leis, agus caidé an sórt í, gur peacach í.


D’fhreagradar é, De shíol Abrachaim sinne, agus ní rabhamar riamh ’n‐ár seirbhiseachaibh ag aon duine: cionnas adeirir‐se, Saorfar sibh?


Atá a fhios agam gur de shíol Abrachaim sibh; acht atá sibh ag iarraidh mise do mharbhadh, de bhrigh nach bhfaghann mo bhriathra slighe ionnaibh.


An mó tusa ’ná ár n‐athair Abracham atá marbh? agus atá na fáidhe marbh: cia h‐é a deir tusa gur tú, mar sin?


A bhráithreacha, a chlann de shliocht Abrachaim, agus an méid agaibh ar a bhfuil eagla Dé, is dúinne do cuireadh briathar an tslánuighthe seo.


D’innis Símeon cionnas mar d’fhéach Dia ar dtús ar an Cineadhachaibh chum pobal do thoghadh asta d’á ainm féin.


Créad adéarfaimíd, d’á bhrigh sin a fuair Abracham, ár n‐athair do réir na feola?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí