Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 3:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Ar an adhbhar sin, tabhraidh toradh uaibh bhéas de réir na h‐aithrighe;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Tugaigí an toradh is dual don aithrí,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Ar an adhbhar sin, tabhairigidh uaibh toradh is dual do’n aithrighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Ar a nadhbharsin tabhruigh toradh bhus iomchubhuigh do naithrighe:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Má’s eadh tugaidh toradh uaibh a bheidh do réir na h-aithrighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Tugaigí, más ea, toradh uaibh is dual don aithrí,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Tugaigí, más ea, toradh uaibh is dual don aithrí,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:8
16 Tagairtí Cros  

Óir tháinig Eoin chugaibh i mbealach na fíréantachta, agus níor chreideabhar é: acht do chreid na poibleacáin agus na striapacha é: agus nuair do chonnaic sibh‐se é, ní dhearna sibh aithrighe ’n‐a dhiaidh sin chum go gcreidfeadh sibh é.


Tabhraidh uaibh, d’á bhrigh sin, torthaí oireas do bhúr n‐aithrighe, agus ná tosnuighidh ar a rádh libh féin, Atá Abracham ’n‐a athair againn: óir adeirim libh, gur féidir le Dia sliocht d’Abracham do thógáil ó na clochaibh sin.


acht do chraobhscaoileas do mhuinntir Dhamascuis ar dtús, agus i nIarúsalem, agus ar fud dúithche Iúdaea, agus do na Cineadhachaibh, go ndéanfaidís aithrighe agus go n‐iompóchaidís chum Dé, ag déanamh gníomhartha de réir na h‐aithrighe.


mar sin; óir do bhíobhar ’n‐bhur ndorchacht tráth, acht atá sibh anois ’n‐bhur solas san Tighearna: siubhlaidh ar nós clainne an tsolais.


(Óir atá toradh an tsolais i ngach saghas maitheasa, agus fíréantachta, agus fírinne),


líonta de thoradh na fíréantachta, chum glóire agus adhmholta Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí