Matha 9:27 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin do lean beirt dall é agus iad ag liúirigh, agus deiridís, Dein trócaire orainne a Mhic Dáibhid. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a chuaigh Íosa ar aghaidh leis as an áit úd, lean beirt dhall é, agus iad ag glaoch in ard a gcinn, “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin, lean dhá fhear dhalla é, ag scairtigh, agus ag rádh: A Mhic Dháibhidh, déan trócaire orainn. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ag imtheacht d’Íosa as an áit sin, do lean beirt dall é ag éighimh, agus g‐á rádh, Déan trócaire orainne, a mhic Dháibhi. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do imthigh Iósa as sin, do leanadar días dall é, ag éimhghe, agus ag rádh, Déuna trócaire oruinn, a mhic Dháibhi. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a bhí Íosa ag imeacht leis as sin, lean beirt dhall é agus iad ag screadach amach: “Déan trócaire orainn, a Mhac Dháiví!” An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí Íosa ag imeacht leis as sin, lean beirt dhall é agus iad ag screadach amach: “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!” |
Tá radharc ag daill; tá siúbhal ag bacaigh; glantar na lobhair; tá éisteacht ag daoine a bhí bodhar; Eirighid na mairbh; Tá an Soisgéal d’á theagasg dos na bochtaibh.
Agus féach, tháinig bean ó Chanaan amach as na críochaibh sin, agus do ghlaoidh sí: A Thighearna, a Mhic Dáibhid, fóir orm! ar sisi; Tá m’inghean d’á ciapadh go cruaidh ag deamhan.
Agus nuair a chonaic uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, na h-iongnaí a dhein sé, agus an t-aos óg sa teampul ag liúirigh, Hósanna do Mhac Dáibhid; tháinig fearg ortha.
Agus an tsluagh a bhí lasmuigh agus lastiar bhíodar ag liúirigh, agus deiridís: Hósanna do Mhac Dáibhid; Moladh do’n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna; Hósanna go lán árd.
Agus nuair a tháinig sé chun an tighe tháinig na daill chuige. Agus dubhairt Íosa leó: An gcreideann sibh gur féidir dom an nídh seo a dhéanamh daoibh? Dubhradar leis: Creidimíd, a Thighearna.
Is beannuighthe an t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna. Is beannuighthe ag teacht an rígheacht so ár n-athar Dáibhid. Hósanna ins na flathais is aoirde.
Agus dubhairt Íosa leis: Má’s féidir leat creideamhaint, tá gach nídh ar chumas an t-é a chreideann.
Agus d’árduigheadar a nglór agus dubhradar: A Íosa, a Mháighistir, déin trócaire orainne.
Agus an uair chéadna san do leighis sé mórán daoine ó n-a ngalaraibh agus ó n-a gcneadhaibh, agus ó annspridíbh, agus thug sé radharc do mhórán dall.
Ná deir an Sgríbhinn gur de shíol Dáibhid, agus ó bhaile Bhetleheim, mar a raibh Dáibhid, atá Críost ag teacht?