Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 15:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus féach, tháinig bean ó Chanaan amach as na críochaibh sin, agus do ghlaoidh sí: A Thighearna, a Mhic Dáibhid, fóir orm! ar sisi; Tá m’inghean d’á ciapadh go cruaidh ag deamhan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Agus bʼshiúd an bhean Chánáníteach as an dúiche úd a tháinig amach agus a ghlaoigh, “Déan trócaire orm, a Thiarna, a Mhic Dháibhí; tá deamhan dian i gcorp mʼiníne.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus féach, tháinic bean as Canán amach as na críocha sin, ag glaodhach, agus ag rádh leis: Déan trócaire orm, a Thighearna, a Mhic Dháibhidh: tá mo inghean dá crádhadh go mór ag deamhan.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus féach, tháinig bean Chanáníteach amach as na críochaic sin, agus do liúigh sí, g‐á rádh, Déan thrócaire orm‐sa, a Thighearna, a Mhic Dháibhi; atá m’inghean d’á ciapadh go millteach ag deamhan.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus, féuch, tháinic bean do Chánaan ó na crióchaibh sin, agus do éigh si, ag rádh ris, Déana trócaire oram, a Thighearna, a mhic Daibhí; a tá mhinghean ar na búaidhreadh go mór ó dheamhan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: “Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhac Dháiví,” ar sise, “tá iníon agam agus í dá crá go géar ag deamhan.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: “Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhic Dháiví,” ar sise, “tá iníon agam agus í á crá go géar ag deamhan.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 15:22
19 Tagairtí Cros  

Leabhar geinealaigh Íosa Críost mhic Dáibhid mic Ábrahaim.


Agus níor thug sé aon fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisgiobuil chuige, agus d’iarradar air í leigint chun siúbhail. Leig chun siúbhail í, ar siad; tá sí ag glaodhach i n-ár ndiaidh.


Agus thugas chun do dheisgiobul é, agus níor fhéadadar é leigheas.


Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad.


Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin do lean beirt dall é agus iad ag liúirigh, agus deiridís, Dein trócaire orainne a Mhic Dáibhid.


Agus d’árduigheadar a nglór agus dubhradar: A Íosa, a Mháighistir, déin trócaire orainne.


Agus do sheasaimh an puibliocánach abhfad amach, agus níor bh’áil leis a shúile amháin d’iompáil suas chun na bhflathas, ach é ag bualadh a uchta agus a’ rádh: A Dhia, déin trócaire orm óir is peacach mé.


Daoine a tháinig chun go n-éistfidís leis agus chun go leighisfí iad ó n-a ngalaraibh. Agus an muintir a bhí d’á gciapadh ag spioraidíbh neamhghlana do leighiseadh iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí