Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 17 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XVII. Teagasg ar conus sgannal do sheachaint: ar éifeachtamhlacht creidimh, ⁊rl. An deichniúbhar lobhar. An modh ar a dtiocfaidh Críost.

1 Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Ní féidir gan sgannail do theacht, ach is léanmhar do’n t-é tré n-a dtagaid siad.

2 B’ fhearra dhó gur bró mhuilinn a curfaí ar a mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige ’ná go dtabharfadh sé sgannal do dhuine de’n mhuintir bheag so.

3 Tugaidh aire dhaoibh féin. Má dheineann do dhritháir beart ad’ choinnibh, cas leis é; agus má bhíonn cathú air, maith dhó é.

4 Agus má dheineann sé beart ad’ choinnibh seacht n-uaire sa lá, agus má iompuigheann sé chúghat seacht n-uaire sa lá agus go ndéarfaidh sé, Tá cathú orm: maith dhó.

5 Agus dubhairt na h-Aspoil leis an dTighearna: Méaduigh creideamh dúinn.

6 Agus dubhairt an Tighearna: Dá mbeadh oiread gráinne mustáird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann sícamín seo, Tógtar as do phréamhachaibh thú agus curtar sa bhfaraige thu, agus dhéanfadh sé rud oraibh.

7 Agus cé h-é an duine agaibh-se go bhfuil seirbhíseach aige, ag treabhadh nó ag aedhreacht, agus a déarfaidh leis nuair a thiocfaidh sé isteach ó’n bpáirc, Imthigh láithreach agus suidh chun bídh?

8 Agus ná déarfaidh leis, Faigh rud le n-ithe dhom, agus criosuigh thu féin agus dein friothálamh orm go mbeidh ithte agus ólta agam, agus ’n-a dhiaidh san déanfair-se ithe agus ól.

9 An amhlaidh a gheobhaidh sé a bhuidheachas leis an seirbhíseach san toisg gur dhein sé an rud a dh’órduigh sé dhó a dhéanamh?

10 Ní h-eadh, dar liom. Mar sin daoibh-se, nuair a bheidh gach nídh déanta agaibh mar atá órduighthe dhaoibh, abraidh: Seirbhísigh gan mhaith iseadh sinn; an rud a bhí fhiachaibh orainn a dhéanamh isé a dheineamair.

11 Agus do thárla, agus é ag dul go Ierúsalem, go raibh sé ag gabháil tré lár Shamaria agus Ghaililí;

12 Agus ag dul isteach dó i mbaile áirithe do bhuail deichniúbhar lobhar uime, agus do sheasuigheadar abhfad amach uaidh,

13 Agus d’árduigheadar a nglór agus dubhradar: A Íosa, a Mháighistir, déin trócaire orainne.

14 Agus nuair a chonaic sé iad dubhairt sé leó: Imthighidh agus taisbeánaidh sibh féin do sna sagairt. Agus do thárla, ar an slígh dhóibh, gur glanadh iad.

15 Ach bhí duine acu agus nuair a chonaic sé go raibh sé glan, d’fhill sé thar n-ais agus é ag moladh Dé go h-árd,

16 Agus chaith sé é féin ar a bhéal a’s ar a aghaidh ag cosaibh Íosa ag gabhail a bhuidheachais leis, agus Samaritánach dob’ eadh é.

17 Agus d’fhreagair Íosa é agus dubhairt: Nár glanadh deichniúbhar? Agus an naonbhúr eile, cá bhfuil siad?

18 Nár fuaradh aoinne chun teacht agus glóire thabhairt do Dhia ach an duine iasachta so?

19 Agus dubhairt sé leis: Eirigh agus imthigh leat, óir do shlánuigh do chreideamh thú.

20 Agus d’fhiafraigh na Fairisínigh de: Cathain a thiocfaidh rígheacht Dé? Agus dubhairt sé ’ghá bhfreagradh: Ní thiocfaidh rígheacht Dé i riocht go bhféadfar bheith ag faire air.

21 Na ní déarfar, Féach anso é, ná Féach ansúd é. Óir, féach, tá rígheacht Dé i nbhúr measg.

22 Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Tiocfaidh na laethanta ’n-a mbeidh dúil agaibh aon lá amháin de laethibh Mhic an Duine a dh’fheisgint, agus ní fheicfidh sibh é.

23 Agus déarfaid siad libh, Féac anso é, agus, Féach ansúd é. Ná téighidh ann, agus ná leanaidh iad.

24 Óir, mar an splannc a lasann fé’n spéir, ar na neithe atá fé’n spéir, iseadh bheidh Mac an Duine ’n-a lá féin.

25 Ní foláir dó an dtúis, ámhthach, mórán d’fhulang, agus an tsliocht só ’ghá shéanadh.

26 Agus mar a thárla i laethibh Nóe iseadh bheidh i laethibh Mhic an Duine.

27 Bhíodar ag ithe agus ag ól, ag pósadh ban agus ag tabhairt ban le pósadh, go dtí an lá ’n-ar chuaidh Nóe isteach sa n-áirc; agus tháinig an díle agus do bháidh sí iad go léir.

28 Díreach mar a thárla i laethibh loit: Bhíodar ag ithe agus ag ól, ag ceannach agus ag díol, ag cur síl agus ag déanamh tighthe;

29 Agus an lá a dh’imthigh Lot amach a’ Sodomaibh do thuit an cith teine agus an chlochghorm ó neamh ortha, agus do loisgeadh iad go léir.

30 Mar sin isead bheidh, an lá a taisbeánfar Mac an Duine.

31 An lá san, an t-é bheidh ar bhuaic an tighe, agus a chuid sa tigh, ná téigheadh sé isteach a d’iarraidh a choda; agus an t-é a bheidh sa pháirc, ar an gcuma gcéadna, ná téigheadh sé thar n-ais.

32 Cuimhnighidh ar mhnaoi Loit.

33 Pé duine bheidh a d’iarraidh a anama shábháil, caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam sábhálfaidh sé é.

34 Deirim libh, beidh, an oidhche sin, beirt i n-aon leabaidh: tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. Beidh beirt bhan ag meilt i n-aonfheacht: tógfar bean acu agus fágfar an bhean eile;

35 Beirt fhear sa pháirc: tógfar duine acu agus fágfar an duine eile.

36 Dubhradar leis ’ghá fhreagradh: Canad, a Thighearna?

37 Agus dubhairt sé leó: An áit ’n-a mbeidh an corp, is ann a cruinneofar na fiolair.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí