Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 17:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus dubhairt an Tighearna: Dá mbeadh oiread gráinne mustáird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann sícamín seo, Tógtar as do phréamhachaibh thú agus curtar sa bhfaraige thu, agus dhéanfadh sé rud oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Agus dúirt an Tiarna leo, “Dá mbeadh oiread gráinne de shíol mustaird de chreideamh agaibh, dʼfhéadfadh sibh a rá leis an gcrann fige seo, ‘Bí do do tharraingt aníos as na fréamhacha, a chrainn, agus bí do do phlandú i gceartlár na farraige,’ agus dhéanfadh sé an rud a bhí ráite agat.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus dubhairt an Tighearna: Má bhíonn creideamh agaibh mar ghráinnín de shíol mhustáird, agus rádh leis an chrann mhaoildhearg seo: Tógtar as do fhréamhacha agus cuirtear san fhairrge thú, béidh sé umhal díbh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus adubhairt an Tighearna, Dá mbéadh oiread gráinne síl mustaird de chreideamh agaibh, adéarfadh sibh leis an gcrann siceamóra so, Tarraingtear as do fhréamhachaibh tú, agus curtar sa bhfairrge thú; agus do‐ghéanadh sé de réir mar d’órduighis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus a dubhairt an Tighearna, Dá mbeith oiread ghráinne musdaird do chreideamh aguibh, déaradh sibh ris a gcrann sicaminso, Eirigh as do fhréamhach, agus curthar an sa bhfairge thú; agus do umhlochadh sé dhaóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Ach dúirt an Tiarna: “Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: ‘Baintear as do fhréamhacha thú, agus déan thú féin a phlandáil sa bhfarraige!’ agus dhéanfadh sé rud oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Ach dúirt an Tiarna: “Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: ‘Baintear as do fhréamhacha tú, agus déan tú féin a phlandáil san fharraige!’ agus dhéanfadh sé rud oraibh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 17:6
13 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt seisean: Tar chúgham. Agus tháinig Peadar anuas as an luing, agus bhí sé ag siúbhal ar bhárr uisge, ag teacht chun Íosa.


Ach ní curtar amach an sórd so ach le h-úrnuighthe agus le trosgadh.


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Go deimhin adeirim libh, má bhíonn creideamh agaibh, agus ná staonfaidh sibh, déanfaidh sibh, ní h-amháin an nídh seo an chrainn fíge, ach má deireann sibh leis an gcnoc so, Tóg agus caith thu féin isteach sa bhfaraige, déanfar é.


Mar an ngráinne síl mustáird, nuair a curtar é sa talamh gur lúgha é ’ná aon tsíol eile d’á bhfuil sa talamh,


Agus, láithreach, do sgread athair an bhuachalla, agus na deóra leis: Creidim, a Thighearna: fóir m’easba creidimh.


Is cosmhail é le gráinne mustáird n-ar dhein duine é thógaint agus é chur ’n-a gháirdín, agus d’fhás sé, ’gus dhein crann mór de, agus do neaduigh éanlaithe an aéir ’n-a ghéagaibh.


Agus cé h-é an duine agaibh-se go bhfuil seirbhíseach aige, ag treabhadh nó ag aedhreacht, agus a déarfaidh leis nuair a thiocfaidh sé isteach ó’n bpáirc, Imthigh láithreach agus suidh chun bídh?


Agus do rith sé rómpa amach, agus chuaidh sé suas i gcrann sícamóir i dtreó go bhfeicfeadh sé é, mar bhí sé chun gabháil an tslígh sin.


Agus nuair a chonaic an Tighearna í tháinig truagh aige dhi agus dubhairt sé léi: Ná bhí ag gol.


Agus do ghlaoidh Eóin chuige beirt d’á dheisgiobulaibh, agus chuir sé chun Íosa iad ’ghá rádh: An tusa an t-é a bhí le teacht nó a’ bhfuil orainn feitheamh le duine eile?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí