Lúcás 17 - An Bíobla Naofa 1981An Scannal: An Creideamh: Seirbhís Dé 1 Dúirt sé lena dheisceabail: “Ní féidir gan na scannail a theacht, ach is mairg don té trína dtagann siad; 2 b'é a leas go gcrochfaí cloch mhuillinn faoina mhuineál agus é theilgean san fharraige níos túisce ná thabharfadh sé scannal d'aon duine amháin de na daoine beaga seo. 3 Aire daoibh! Má pheacaíonn do bhráthair, tabhair casaoid dó, agus má bhíonn aithreachas air, maith dó. 4 Agus má pheacaíonn sé i d'aghaidh seacht n‑uaire sa lá agus go n‑iompóidh sé chugat seacht n‑uaire, ag rá: ‘Tá aithreachas orm’, maith dó.” 5 Dúirt na haspail leis an Tiarna: “Méadaigh an creideamh againn.” 6 Ach dúirt an Tiarna: “Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: ‘Baintear as do fhréamhacha tú, agus déan tú féin a phlandáil san fharraige!’ agus dhéanfadh sé rud oraibh. 7 “Cé agaibh a mbíonn seirbhíseach aige ag treabhadh nó ag aoireacht, a déarfaidh leis nuair a thagann sé isteach ón ngort: ‘Tar anois agus buail fút ag bord’? 8 Ina ionad sin, nach é a déarfaidh sé leis: ‘Réitigh rud chun dinnéir dom, fáisc crios fút féin agus freastail orm, nó go mbeidh ite agus ólta agam, agus ansin déanfaidh tú féin ithe agus ól’? 9 An ea go mbíonn sé faoi chomaoin ag an seirbhíseach de chionn go ndearna seisean a raibh ordaithe? 10 Amhlaidh sin daoibhse; nuair a bhíonn gach a raibh ordaithe daoibh déanta agaibh, abraigí: ‘Is seirbhísigh gan aird sinn: níl déanta againn ach an méid a bhí d'fhiacha orainn a dhéanamh.’ ” Leigheas an Deichniúr Lobhar 11 Ansin, sa tslí dó go Iarúsailéim, ghabh sé feadh na teorann idir an tSamáir agus an Ghailíl; 12 agus le linn dó bheith ag dul isteach i mbaile áirithe, tháinig faoina dhéin deichniúr lobhar. Stad siad tamall uaidh, 13 agus labhair siad go hard á rá: “A Íosa, a Mháistir, bíodh trua agat dúinn!” 14 Ar a fheiceáil sin dó, dúirt sé leo: “Imígí agus taispeánaigí sibh féin do na sagairt.” Agus ag dul ann dóibh, glanadh iad. 15 Ach ar a fheiceáil do dhuine acu go raibh sé leigheasta, tháinig sé ar ais agus é ag tabhairt glóire do Dhia de ghlór ard, 16 agus chaith é féin ar a bhéal ag cosa Íosa ag tabhairt buíochais dó. Agus ba Shamárach eisean. 17 Labhair Íosa agus dúirt: “Nár glanadh an deichniúr? Agus an naonúr eile, cá bhfuil siad? 18 An ea nach raibh aon duine le fáil a thiocfadh ar ais ag tabhairt glóire do Dhia ach an coimhthíoch seo amháin?” 19 Agus dúirt sé leis: “Éirigh agus imigh leat; shlánaigh do chreideamh tú.” Téarnamh Mhac an Duine 20 Nuair a d'fhiafraigh na Fairisínigh de cén uair a bheadh ríocht Dé ag teacht, dúirt sé leo á bhfreagairt: “Ríocht Dé, ní amhlaidh a bhraitear ag teacht í, 21 ná ní amhlaidh a déarfar: ‘Féach, tá sí anseo’; nó: ‘Tá sí ansiúd’; óir bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in bhur lár.” 22 Dúirt sé fós leis na deisceabail: “Tiocfaidh an t‑am ar mian libh aon lá amháin a fheiceáil de laethanta Mhac an Duine, agus ní fheicfidh sibh é. 23 Beifear á rá libh: ‘Féach, tá sé ansiúd’; nó: ‘Féach, tá sé anseo!’ Ná téigí ann: ná bígí ar a thóir. 24 De bhrí, ar nós mar a scinneann an splanc ó thaobh den chruinne ina lasair go dtí an taobh eile, is amhlaidh sin a bheidh Mac an Duine ina lá féin. 25 Ar dtús, áfach, ní foláir dó mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ón nglúin seo. 26 Agus amhail mar a bhí i laethanta Naoi, is amhlaidh sin freisin a bheidh i laethanta Mhac an Duine; 27 bhí siad ag ithe, bhí siad ag ól, bhí siad ag gabháil fear céile nó ban céile, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc; agus tháinig an díle gur thug an bás dóibh uile. 28 Mar an gcéanna, amhail mar a bhí i laethanta Lót: bhí siad ag ithe, bhí siad ag ól, bhí siad ag ceannach, bhí siad ag díol, bhí siad ag plandáil, bhí siad ag tógáil; 29 ach an lá ar imigh Lót amach as Sodom, fearadh tine agus ruibh ó Dhia as an spéir gur thug an bás dóibh uile. 30 Sa chaoi chéanna a bheidh, an lá a bhfuil Mac an Duine le foilsiú. 31 An lá sin, an té a bheidh ar bharr an tí agus a urra tí sa teach, ná téadh sé síos chun é a bhreith leis, agus mar an gcéanna an té a bheidh sa ghort, ná casadh sé ar ais. 32 Cuimhnígí ar mhnaoi Lót! 33 Cibé a iarrfaidh a anam a choinneáil slán, caillfidh sé é, agus cibé a chaillfidh é, déanfaidh sé é tharrtháil. 34 Deirim libh, beidh beirt fhear in aon leaba an oíche sin; tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. 35 Beidh beirt bhan ag meilt in éineacht; tógfar bean acu ach fágfar an bhean eile. 36 (Beidh beirt sa ghort; tógfar duine acu, ach fágfar an duine eile.)” 37 Dúirt siad leis á fhreagairt: “Cén áit, a Thiarna?” Dúirt sé leo: “Mar a mbíonn an corpán, is ann freisin a bheidh na badhbha cruinnithe le chéile.” |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart