Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 17:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 Nuair a d'fhiafraigh na Fairisínigh de cén uair a bheadh ríocht Dé ag teacht, dúirt sé leo á bhfreagairt: “Ríocht Dé, ní amhlaidh a bhraitear ag teacht í,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 Nuair a dʼfhiafraigh na Fairiséigh de cá huair a bhí ríocht Dé le teacht, ba é an freagra a thug sé orthu, “Nuair a thiocfaidh ríocht Dé, ní bheidh aon chomhartha le feiceáil;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Agus d’fhiafruigh na Fairisínigh de: Cá h-uair a thiocfas ríoghacht Dé? Agus dubhairt sé, ghá bhfreagairt: Ní thiocfaidh ríoghacht Dé le coimhéad,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus d’fhiafruigh na Fairisínigh dhe, Cá h‐uair thiocfaidh ríoghacht Dé, d’fhreagair sé iad agus adubhairt, Ní h‐i riocht go mbraithfear é thiocfas ríoghacht Dé:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus an tan dfiafruigh na Phairisinigh dhe, Cía an tráth thiocfadh riogháchd Dé, do fhreagair sé iád agus a dubhairt sé, Ní thiocfa rioghachd Dé récoimhéd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus d’fhiafraigh na Fairisínigh de: Cathain a thiocfaidh rígheacht Dé? Agus dubhairt sé ’ghá bhfreagradh: Ní thiocfaidh rígheacht Dé i riocht go bhféadfar bheith ag faire air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 Nuair a dʼfhiafraigh na Fairisínigh de cén uair a bheadh ríocht Dé ag teacht, dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Ríocht Dé, ní hamhlaidh a bhraitear ag teacht í,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 17:20
9 Tagairtí Cros  

Dúirt sé liom ansin, do mo fhreagairt: Seo é briathar an Tiarna i dtaobh Zarubáibil: “Ní le treise arm ná le teann fornirt a dhéanfar é ach le cuidiú mo spioraid féin, a deir Tiarna na Slua.


‘Fiú amháin a leanann dár gcosa de dheannach bhur gcathrach, glanaimid dínn oraibh é; ach bíodh a fhios agaibh é seo, go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht.’


Nuair a chuaigh sé ag caitheamh a choda lá sabóide i dteach dhuine de chinn urra na bhFairísineach, iad seo a bhí ann, bhí siad ag faire go géar air.


“Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí aimsir Eoin: ó shin i leith tá dea-scéal ríocht Dé á fhógairt, agus gach aon duine ag brú a shlí isteach inti le foréigean.


Ag éisteacht dóibh leis an méid sin, lean sé air agus labhair parabal, de bhrí go raibh sé i ngar do Iarúsailéim agus gur síleadh dóibh ríocht Dé a bheith le taibhsiú láithreach.


D'fhreagair Íosa: “Ní den saol seo mo ríocht. Dá mba den saol seo mo ríocht, throidfeadh mo sheirbhísigh ionas nach dtabharfaí ar láimh do na Giúdaigh mé. Ach anois ní as seo mo ríocht.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí