Ach bhí a fhios san ag Íosa, agus d’imthigh sé as an áit sin; agus do lean mórán daoine é, agus do leighis sé iad go léir.
Matha 4:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do lean sluaighte móra é a Gaililí agus a Decapolis agus a Ierúsalem, agus ó’n dtaobh thall de Iórdan. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bhí sluaite móra á leanúint ó Ghalailí agus ó Dhecapolis agus ó Iúdaea agus ón limistéar a bhí taobh thoir den Iornán. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus lean sluaighte móra é as an Ghailile, agus as an Decapolis, agus as Ierusalem, agus as Iudaia, agus as an taoibh thall de’n Iordáin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do lean na sluaighte móra é ó’n nGaililé, agus ó’n Decapolis, agus ó Iarúsalem, agus ó Iúdaea, agus ó’n taobh thall de Iórnán. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do lean cuideachda mhór é ón Ghaililé, agus ó Dhecapólis, agus ó Ierusalám, agus ó Iudéa, agus ó táobh thall do Iórdán. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus lean sluaite móra é ón nGailíl, ó Dheacapoil, ó Iarúsailéim, ó Iúdáia agus thar an Iordáin. An Bíobla Naofa 1981 Agus lean sluaite móra é ón nGailíl, ó Dheacapoil, ó Iarúsailéim, ó Iúdáia agus ó thar an Iordáin. |
Ach bhí a fhios san ag Íosa, agus d’imthigh sé as an áit sin; agus do lean mórán daoine é, agus do leighis sé iad go léir.
Talamh Sabulon agus talamh Nephtalim, fan na faraige lastall de Iórdan, Gaililí na ngeinte:
Agus nuair a chonaic sé na sluaighte chuaidh sé suas ar an gcnoc, agus nuair a shuidh sé ann tháinig a dheisgiobuil ag triall air.
Agus d’imthigh sé agus chrom sé ar a innsint i nDecapolis cad iad na neithe móra a dhein Íosa dhó, agus bhí iongna ortha go léir.
Agus tháinig an tsabbóid, agus chuaidh sé ag teagasg sa tsinagóig, agus dhein a lán, nuair airígheadar é, iongna d’á theagasg, agus deiridís: Ca bhfuair sé seo na neithe seo go léir? agus cad í an eagna a tugadh dó, agus a leithéid d’oibreachaibh móra agus a déintear tré n-a lámhaibh?
Agus chuaidh sé amach airís a’ críchibh Tuíre, agus tháinig sé tré Shídón go muir Ghaililí, tré lár críche Decapolis.
Agus tháinig sé anuas i n-aonfheacht leó, agus sheasaimh sé ar áit leibhéalta, agus cruinniú dá dheisgiobuil agus sluagh mhór daoine ó Iúdaéa go léir agus ó Ierúsalem, agus ó chríochaibh Tuíre agus Sídóin cois na faraige,
Agus bhí an tsluagh go léir a d’iarraidh teangabháil leis, óir bhí cómhacht ag dul amach uaidh a bhí ag slánú gach aoinne.