Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus do lean na sluaighte móra é ó’n nGaililé, agus ó’n Decapolis, agus ó Iarúsalem, agus ó Iúdaea, agus ó’n taobh thall de Iórnán.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 Agus bhí sluaite móra á leanúint ó Ghalailí agus ó Dhecapolis agus ó Iúdaea agus ón limistéar a bhí taobh thoir den Iornán.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Agus lean sluaighte móra é as an Ghailile, agus as an Decapolis, agus as Ierusalem, agus as Iudaia, agus as an taoibh thall de’n Iordáin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus do lean cuideachda mhór é ón Ghaililé, agus ó Dhecapólis, agus ó Ierusalám, agus ó Iudéa, agus ó táobh thall do Iórdán.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus do lean sluaighte móra é a Gaililí agus a Decapolis agus a Ierúsalem, agus ó’n dtaobh thall de Iórdan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 Agus lean sluaite móra é ón nGailíl, ó Dheacapoil, ó Iarúsailéim, ó Iúdáia agus thar an Iordáin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 Agus lean sluaite móra é ón nGailíl, ó Dheacapoil, ó Iarúsailéim, ó Iúdáia agus ó thar an Iordáin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:25
11 Tagairtí Cros  

Agus ar n‐a fheicsin sin d’Íosa, d’imthigh sé as an áit sin: agus do lean a lán daoine é;


agus do lean sluaighte móra é; agus do leigheas sé annsin iad.


Talamh Shabulón, agus talamh Neftalim, Slighe na fairrge, taobh thall de Iórnán, Galilé na nGeinte:


Agus nuair chonnaic sé na sluaighte, do chuaidh sé suas ar an sléibh; agus nuair do bhí sé ’n‐a shuidhe,


Agus nuair tháinig sé anuas ó’n gcnoc, do lean sluaighte móra é.


Agus d’imthigh an fear, agus do thosnuigh sé ar a innsint sa Decapolis cad iad na neithe móra do rinne Íosa dhó: agus do chuir sé ionghnadh ar gach uile dhuine.


Agus nuair tháinig an tsabóid, do thosnuigh sé ar theagasc do dheanamh sa tsionagóig: agus tháinig iongnadh ar a lán díobh‐san do bhí ag éisteacht leis, agus adubhradar, Cá bhfuair an fear so an méid sin? agus, Cad í an eagna so tugadh do’n fhear so, agus a rádh go ndéantar a leithéide d’oibreachaibh móra tré n‐a lámhaibh?


Agus d’fhill sé arís ó chríochaibh Tuire, agus tháinig sé tré Shídóin go muir Ghalilé, tré lár ceanntair an Decapolis.


agus tháinig sé anuas i n‐éinfheacht leo, agus do sheas sé ar áit réidh, agus sluagh mór d’á dheisceablaibh, agus liacht mór daoine ó lúdaea agus ó Iarúsalem, agus ó imeall‐bhórd Thuire agus Shídóine, daoine tháinig chum go n‐éistfidís leis, agus chum go leigheasfaidhe a ngalair;


Agus do bhí an sluagh go léis ag iarraidh cuimilt leis: óir do bhí cumhacht ag teacht amach uaidh do shlánuigh iad go léir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí