Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Ach bhí a fhios san ag Íosa, agus d’imthigh sé as an áit sin; agus do lean mórán daoine é, agus do leighis sé iad go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Ní raibh Íosa dall air sin, agus dʼimigh sé as sin. Chuaigh mórán ina dhiaidh, agus leigheas sé iad uile go léir,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Acht bhí a fhios sin ag Íosa, agus d’imthigh sé as an áit sin: agus lean mórán é, agus leigheas sé iad uilig.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus ar n‐a fheicsin sin d’Íosa, d’imthigh sé as an áit sin: agus do lean a lán daoine é;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus an tan do aithin Iósa so, do imthigh sé as sin: agus do lean slúagh mór é, agus do shlánaigh sé íad uile;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Bhí a fhios ag Íosa, áfach, agus chuaigh sé i leataobh as sin. Lean sluaite móra é, agus leigheas sé iad uile,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Bhí a fhios ag Íosa, áfach, agus chuaigh sé i leataobh as sin. Lean sluaite móra é, agus leigheas sé iad uile,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:15
15 Tagairtí Cros  

Ach nuair a déanfar géarleanmhaint oraibh sa chathair sin, imthighidh go cathair eile: Go deimhin adeirim libh, ní bheidh catharacha Israéil siúbhalta agaibh sar a dtiocfidh Mac an Duine.


Agus do lean sluagh mhór é; agus do leighis sé iad sa n-áit sin.


Agus pé ball ’n-a dtéigheadh sé isteach, i sráidibh nó i mbailtibh nó i gcathrachaibh, chuiridís na daoine breóite ar na sráidibh, agus bhídís ’ghá iarraidh air leigint dóibh fiú baint le fabhra a bhrait; agus an méid a bhaineadh leis do leighistí iad.


Ach ó bhí fios a smuínte ag Íosa d’fhreagair sé iad agus dubhairt: Cad chuige an machtnamh so i nbhúr gcroidhe agaibh?


Agus do thárla ins na laethanta san go ndeaghaidh sé amach ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh, agus go dtug sé an oidhche ag guidhe chun Dé.


Agus nuair a fuair na sluaighte amach an méid sin do leanadar é; agus do ghlac sé iad, agus bhí sé ag caint leó i dtaobh rígheachta Dé, agus na daoine a bhíodh i ngádh le leigheas do leighiseadh sé iad.


Uime sin níor shiubhluigh Íosa feasda go puibilidhe ameasg na n-Iúdach, ach d’imthigh sé isteach i gceanntar i n-aice an fhásaigh, go cathair ar a dtugtar Ephrem, agus d’fhan sé ansan i bhfochair a dheisgiobul.


I n-a dhiaidh san do shiubhluigheadh Íosa sa Ghaililí, óir níor bh’áil leis siubhal i nIúdhaéa toisg na Iúdaigh a bheith a d’iarraidh é chur chun báis.


Tá orm-sa oibreacha an t-é a chuir uaidh mé do dhéanamh an fhaid atá an lá ann; tá an oidhche ag teacht nuair nách féidir d’aoinne obair a dhéanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí