Matha 12 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla ChearaCaibidil XII Cáineann Críost daille na bhFairisíneach, agus bréagnuigheann sé iad nuair a deir siad gur tré chumhacht Shatain a ghní sé míorbhailte. 1 San am sin chuaidh Íosa fríd na guirt arbhair ar an tsabóid: agus mar go raibh ocras ar a dheisciobail, thoisigh siad a phiocadh na ndias, agus á n-ithe. 2 Acht chonnaic na Fairisínigh iad, agus dubhairt leis: Féach, tá do dheisciobail ag déanamh ruda nach dlisteannach a dhéanamh ar an tsabóid. 3 Acht dubhairt Íosa leo: Nó nár léigh sibh cad é rinne Dáibhidh nuair a bhí ocras air féin, agus ar a raibh i n-aoinfheacht leis? 4 Mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé gur ith aráin na fiadhnaise, nár cheadmhach dó féin ná dá raibh i n-aoinfheacht leis a n-ithe, acht amháin do na ságairt. 5 Nó nár léigh sibh san dlighe go mbriseann na sagairt san teampall an tsabóid ar na sabóidí, agus go mbíonn siad neimh-chionntach? 6 Agus deirim libh go bhfuil neach is mhó ná an teampall annseo. 7 Agus dá mbéadh a fhios agaibh cad é is ciall le seo: Ní íodhbairt acht trócaire is toil liom: ní dhaorfadh sibh na neamhchoirthigh a choidhche. 8 Óir tá Mac an Duine ina thighearna fiú ar an tsabóid. 9 Agus ar fhágáil na h-áite sin dó, tháinic sé isteach ina sineagóig. 10 Agus féach, bhí fear ann a raibh lámh sheargtha air, agus d’fhiafruigh siad de, ag rádh: An dlisteannach leigheas a dhéanamh ar an tsabóid? Chun go gcionntuigheadh siad é. 11 Acht dubhairt seisean leo: Cé an duine agaibh, dá mbéadh aon chaora amháin aige, agus í tuitim isteach i bpoll ar an tsabóid, nach bhfuigheadh greim uirthí agus nach dtógfadh í? 12 Nach feárr i bhfad duine ná caora? Ar an adhbhar sin is ceadmhach maith a dhéanamh ar an tsabóid. 13 Annsin deir sé leis an fhear: Sín amach do lámh. Agus sin sé amach í, agus d’éirigh sí slán mar an cionn eile. 14 Ar dhul amach do na Fairisínigh, chuaidh siad i gcómhairle ina aghaidh, fá’n chaoi ina gcuirfeadh siad chun báis é. 15 Acht bhí a fhios sin ag Íosa, agus d’imthigh sé as an áit sin: agus lean mórán é, agus leigheas sé iad uilig. 16 Agus d’órduigh sé dóibh gan é chur i n-aithne. 17 Ionnas go gcóimhlíontaí an nídh a dubhradh tríd an fháidh, Isaias, a deir: 18 Féach, mo sheirbhíseach a thogh mé, mo ghrádh i n-ar chuir m’anam mór-thaitneamh. Cuirfidh mé mo Spiorad air, agus fógróchaidh sé breitheamhnas do na cinidheacha. 19 Ní dhéanfaidh sé achrann, ná callán, agus ní chluinfidh aoinneach a ghuth ar na sráideacha. 20 Ní bhrisfidh sé an giolcach brúighte, agus an líon a mbéidh toit as ní mhúchfaidh sé, go dtí go dtugaidh sé an breitheamhnas chun buaidhe. 21 Agus is as a ainm a bhéas a muinighin ag na cinidheacha. 22 Annsin tugadh chuige balbhán dall, a raibh deamhan ann, agus leigheas sé é, ionnas gur labhair sé agus go bhfaca sé. 23 Agus ghabh iongantas na sluaighte go léir, agus dubhairt siad: Nach é seo Mac Dháibhidh? 24 Acht nuair a chuala na Fairisínigh sin, dubhairt siad: Ní theilgeann sé seo amach na deamhain acht tré Bheelsebub, prionnsa na ndeamhan. 25 Acht b’eol do Íosa a smaointe, agus dubhairt sé leo: Gach ríoghacht a bhíos roinnte ina h-éadan féin, bánóchar í, agus gach cathair nó teach a bhíos roinnte ina éadan féin, ní sheasóchaidh sé. 26 Agus má teilgeann Satan amach Satan, bíonn sé roinnte ina éadan féin, agus cad é, dá bhrígh sin, mar sheasóchas a ríoghacht? 27 Agus má theiligim-se amach na deamham tré Beelsebub, cé tríd a dteilgeann bhur gclann-sa amach iad? Ar an adhbhar sin, béidh siad-san ina, mbreitheamhain oraibh. 28 Acht má theilgim-se amach na deamhain i Spiorad Dé, tháinic ríoghacht Dé, dá bhrígh sin, i bhur measc. 29 Nó cad é mar thig le h-aoinneach dul isteach i dtigh an fhir láidir, agus a threalamh d’fhuadach, muna gceanglaidh sé an fear láidhir ar dtús? Agus annsin sladfaidh sé a theach. 30 An té nach bhfuil liom, tá sé i m’aghaidh: agus an té nach gcruinnigheann liom, scaipeann sé. 31 Ar an adhbhar sin, deirim libh: Maithfear do na daoine gach peacadh agus diamhasla, acht ní mhaithfear diamhasla i n-aghaidh an Spioraid. 32 Agus cibé a labharfas focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfear dó é: acht an té a labharfas i n-aghaidh an Spioraid Naoimh, ní mhaithfear dó é ar an tsaoghal seo, ná ar an tsaoghal atá le theacht. 33 Déanaigidh an crann maith, agus a thoradh maith; sin nó déanaigidh an crann lobhtha, agus a thoradh lobhtha: óir is ó n-a thoradh a aithnightear an crann. 34 A shliocht naithreach nimhe, cad é mar thig libh neithe maithe a labhairt, agus sibh féin olc? óir labhrann an béal an nídh a mbíonn an croidhe lán de. 35 Tairgeann an déag-dhuine deigh-neithe as a dhéagh-stór, agus tairgeann an droch-dhuine droch-neithe as a dhroch-stór. 36 Acht deirim libh, gach briathar díomhaoin dá labharfaidh na daoine, go dtabharfaidh siad cunntas ann ar lá an bhreitheamhnais. 37 Óir is as do bhriathra a shaorfar thú, agus is as do bhriathra a dhaórfar thú. 38 Annsin d’fhreagair dream áirithe de na Scríobhaidhthe agus de na Fairisínigh é, agus dubhairt: A Mháighistir, is mian linn cómhartha d’fheiceáil uait. 39 Acht dubhairt seisean leo, ghá bhfreagairt: Iarrann droch-ghlúin adhaltrannach cómhartha, agus ní thabharfar cómhartha dí, acht cómhartha Iónais, fáidh. 40 Óir mar bhí Iónas i mbolg an mhíl mhóir trí lá agus trí oidhche, is amhlaidh a bhéas Mac an Duine trí lá agus trí oidhche i gcroidhe an talaimh. 41 Éireochaidh muinntir Ninibhe san bhreitheamhnas leis an ghlúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad-san aithrighe le linn sheanmóireacht Iónais: agus féach, neach is mó ná Iónas annseo. 42 Éireochaidh bainríoghan an deiscirt san bhreitheamhnas leis an ghlúin seo, agus daorfaidh sí í, óir tháinic sise ó imillchríocha an domhain d’éisteacht le h-eagna Shalomoin. Agus féach, neach is mó ná Salomon annseo. 43 I ndiaidh dul amach as duine do’n Spiorad neamhghlan, siubhlann sé fríd áiteacha tirime ar lorg suaimhnis, agus ní fhaghann sé é. 44 Annsin deir sé: Pillfidh mé chun mo thighe as a dtáinic mé amach. Agus ar theacht dó, gheibh sé folamh, scuabtha, agus cóirighthe é. 45 Annsin téid sé, agus bheir sé leis seacht spioraid eile níos measa ná é féin, agus ar dhul isteach dóibh, ghní siad cómhnaidhe annsin: agus éirigheann stad deireannach an duine sin níos measa ná a chéad stad. Is mar sin a thárlóchas fosta do’n droch-ghlúin seo. 46 Agus ar bheith dó go fóill ag labhairt leis na sluaighte, féach, sheasuigh a mháthair agus a bhráithre amuigh, ag iarraidh labhairt leis. 47 Agus dubhairt duine éigin leis: Féach, tá do mháthair agus do bhráithre ina seasamh amuigh do chuartughadh. 48 Agus d’fhreagair seisean an té a d’innis dó, agus dubhairt: Cé h-í mo mháthair, agus cé h-iad mo bhráithre? 49 Agus ag síneadh a láimhe chun a dheisciobal dó, dubhairt sé: Féach, mo mháthair agus mo bhráithre. 50 Óir cibé ar bith a dhéanfas toil m’Athar atá ar neamh, is é sin mo dhearbhráthair, agus mo dheirbhshiúr, agus mo mháthair. |
rights held by the Bible Society in Northern Ireland
Bible Society in Northern Ireland