Agus d’iompuigh seisean agus dubhairt sé le Peadar: Imthigh lastiar díom a Shátain; cuireann tu seirbhthean orm; mar ní h-iad na neithe a bhaineann le Dia a thaithneann leat-sa ach na neithe a bhaineann le daoine.
Matha 4:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan dubhairt Íosa leis: Imthigh, a Shátain; Óir tá sgríobhtha: Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus beidh tú umhal dó san amháin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba ansin a dúirt Íosa leis, “Fág seo, a Shátain! Mar tá scríofa, ‘Adharfaidh tú do Thiarna Dia agus ní dhéanfaidh tú seirbhís ach dósan amháin.’” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin dubhairt Íosa leis: Imthigh leat, a Shatain, óir tá sé scríobhtha: Bhéarfaidh tú adhradh do’n Tighearna, do Dhia, agus is dó-san amháin a dhéanfas tú seirbhís. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus mé d’adhradh. Annsin adubhairt Íosa leis, Imthigh, a Shátain: óir atá scríobhtha, Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus is dó‐san amháin do, ghéanaidh tú seirbhís. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A dubhairt Iósa ris annsin, Imthigh romhad, a chathuightheóir: óir átá sgriobhtha, Onórfuidh tú an Tighearna do Dhiá féin, agus a dó na áonar do dhéuna tú seirbhís. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain, óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ” |
Agus d’iompuigh seisean agus dubhairt sé le Peadar: Imthigh lastiar díom a Shátain; cuireann tu seirbhthean orm; mar ní h-iad na neithe a bhaineann le Dia a thaithneann leat-sa ach na neithe a bhaineann le daoine.
Agus bhí sé sa bhfásach dachad lá agus dachad oidhche, agus bhí Sátan ag cur catha air, agus bhí sé ameasg na mbeithigheach allta, agus bhí na h-aingil ag friothálamh air.
Agus dubhairt sé leó: Bhíos ag féachaint ar Sátan nuair a thuit sé ó neamh mar a thuitfeadh splannc.
Agus má tá Sátan deighilte ’n-a choinnibh féin conus a sheasóchaidh a rígheacht? Agus go ndeirthí-se gur le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se na deamhain amach.
Ach an inghean so Ábrahaim á bhí fé cheangal ag Sátan ar feadh ocht mblian ndéag, níor cheart í fhuasgailt ó’n gceangal, san lá na sabbóide?
Agus dubhairt an Tighearna: A Shimóin, a Shimóin, féach, tá Sátan ag bhúr dtí chun sibh a chriathradh mar a déanfaí cruithneacht do chriathradh;
Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: Tá sgríobhtha: Adharfaidh tú do Thighearna Dia agus déanfair seirbhís dó san amháin.
Agus i ndiaidh an bhlúire aráin, chuaidh Sátan isteach ann. Agus dubhairt Íosa leis: An nídh atá agat ’á dhéanamh, dein gan mhoill é.
Chun a súl a osgailt dóibh ionus go n-iompóchaidís ó’n ndoircheacht chun an tsoluis agus ó chómhacht Shátain chun Dé, ionus go bhfaighdís maitheamhnachas peacaí agus inead ameasg naomh tríd an gcreideam atá ionamsa.
Dubhairt Peadar, ámhthach: A Ananíais, cad uime gur sprioc Sátan do chroidhe chun bréige a dh’innsint do’n Spioraid Naomh agus cuid d’fiachaibh an tailimh a cheilt?