Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus má tá Sátan deighilte ’n-a choinnibh féin conus a sheasóchaidh a rígheacht? Agus go ndeirthí-se gur le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se na deamhain amach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Agus má dheighiltear Sátan ina éadan féin freisin, conas a sheasfaidh a ríochtsan? Mar deir sibhse go mbím ag caitheamh na ndeamhan amach trí Bheelsebúl.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Agus mar an gcéadna, má bhíonn Satan roinnte ina aghaidh féin, cad é mar sheasóchas a ríoghacht? Óir deir sibh-se gur tré Bheelsebub a chuirim-se amach na deamhain.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus má atá Sátan deighilte ann féin, cionnas sheasfas a ríoghacht? óir adeir sibh‐se gur tré Bhelsibub chaithim‐se amach na deamhain.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus mar an gcéada dá raibh Sátan roinnte na aghaidh féin, cionnas fhanfas a rioghachd na seasamh? oír a deirthísi gur ab trí Bheelsébúb theilgimsi amach na deamhain.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 Agus má bhíonn Sátan freisin ar deighilt ina aghaidh féin, conas a sheasfaidh a ríocht?–ós dá rá sibh gur trí Bhéalzabúl a chaithim amach na deamhain.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 Agus má bhíonn Sátan freisin ar deighilt ina aghaidh féin, conas a sheasóidh a ríocht? - os á rá sibh gur trí Bhéalzabúl a chaithim amach na deamhain.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:18
7 Tagairtí Cros  

Is leór do’n deisgiobuil bheith mar a mháighistir, agus do’n tseirbhíseach bheith mar a thighearna. Má thugadar Beelsebub ar fhear an tighe, nách mó ’ná san a thabharfaid siad ar mhuintir a thighe é?


Agus má ’sé Sátan a chuireann amach Sátan, siné deigilte ’n-a choinnibh féin é; agus d’á bhrígh sin conus a sheasócaidh a rígheacht?


Ansan dubhairt Íosa leis: Imthigh, a Shátain; Óir tá sgríobhtha: Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus beidh tú umhal dó san amháin.


Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad.


Dubhairt cuid acu, ámhthach, Is le cómhacht Bheelsebub, rí na ndeamhan, a chuireann sé na deamhain amach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí