Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 agus mé d’adhradh. Annsin adubhairt Íosa leis, Imthigh, a Shátain: óir atá scríobhtha, Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus is dó‐san amháin do, ghéanaidh tú seirbhís.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Ba ansin a dúirt Íosa leis, “Fág seo, a Shátain! Mar tá scríofa, ‘Adharfaidh tú do Thiarna Dia agus ní dhéanfaidh tú seirbhís ach dósan amháin.’”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Annsin dubhairt Íosa leis: Imthigh leat, a Shatain, óir tá sé scríobhtha: Bhéarfaidh tú adhradh do’n Tighearna, do Dhia, agus is dó-san amháin a dhéanfas tú seirbhís.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 A dubhairt Iósa ris annsin, Imthigh romhad, a chathuightheóir: óir átá sgriobhtha, Onórfuidh tú an Tighearna do Dhiá féin, agus a dó na áonar do dhéuna tú seirbhís.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Ansan dubhairt Íosa leis: Imthigh, a Shátain; Óir tá sgríobhtha: Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus beidh tú umhal dó san amháin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain, óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:10
30 Tagairtí Cros  

Acht d’iompuigh seisean, agus adubhairt sé le Peadar, Druid siar uaim, a Shátain: atáir‐se id’ cheap tuisle dhom: óir ní fhuil do dhearcadh ar a mbaineann le Dia, acht ar a mbaineann le daoinibh.


Agus do bhí sé ins an bhfásach dá fhichid lá ag fulang cathuighthe ó Shátan; agus do bhí sé i bhfochair na mbeithidheach n‐allta; agus do bhí na h‐aingil ag friotháileamh air.


Agus adubhairt seisean leo, Do chonnacas Sátan ag tuitim ó, neamh mar scail teinntrighe.


Agus má atá Sátan deighilte ann féin, cionnas sheasfas a ríoghacht? óir adeir sibh‐se gur tré Bhelsibub chaithim‐se amach na deamhain.


Agus an bhean so, inghean Abrachaim, do bhí fá cheangal ag Sátan le h‐ocht mbliadhna déag anuas, nár cheart í do scaoileadh ó’n gceangal sin, lá na sabóide?


Agus do chuaidh Sátan isteach i nIúdás Iscariót, duine de’n dáréag.


A Shíomóin, a Shíomóin, féach, fuair Sátan cead sibh‐se do chriathairt mar chruithneacht:


Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Atá scríobhtha, Adharfaidh tú an Tighearna, do Dhia, agus is dó‐san amháin dhéanfasse tú irbhís.


Agus i ndiaidh an ghiota, do chuaidh Sátan isteach ann, agus adubhairt Íosa leis, An nidh atá le déanamh agat, déan gan mhoill é.


le n‐a súilí d’fhoscailt, chum go n‐iompóchaidís ó’n dorchadas chum an tsolais, agus ó chumhacht Sátain chum Dé, go bhfaighdís maitheamhnas na bpeacadh agus oighreacht i measc na ndaoine naomhthar tré chreideamh ionnaim‐se.


Acht adubhairt Peadar, A Ananiais, cad chuige ar líon Sátan do chroidhe, go n‐innseochá bréag do’n Spiorad Naomh, agus cuid de luach na talmhan do chongbháil?


go dtugtar a leithéid sin de dhuine suas do Shátan chum scriosta na colna, ionnas go saorfaidhe an spiorad i ló an Tighearna Íosa.


Ná h‐eitighidh a chéile, munab de thoil a chéile é ar feadh tamaill, chum go gcromfaidh sibh ar urnaighe, agus annsin tagaidh le chéile arís, ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh mar gheall ar neamh‐gheamnaidheacht.


Agus ní h‐aon iongnadh é sin; mar chuireann Sátan féin cló aingil solais air féin.


Agus mar gheall ar fheabhas na dtaidhbhreadh sin, ar eagla go mbéadh móráil thar fóir orm, tugadh dhom dealg san bhfeoil, teachtaire Shátain chum mo chiaptha, chum nach ndéanfainn mórtas thar fóir.


ar eagla go mbéadh buaidh ag Sátan orainn; óir ní fhuilmíd gan eolas ar a shlighthibh.


Umhluighidh do Dhia, d’á bhrigh sin; acht cuiridh i n‐aghaidh an diabhail, agus teichfidh sé uaibh.


Seasuighidh ’n‐a aghaidh‐sean go daingean, creidmheach, agus a fhios agaibh go bhfuil an céasadh céadna d’á chur ar bhur mbráithribh atá san saoghal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí