Go deimhin adeirim libh, níor eirigh, ar an rugadh ó mhnáibh, duine ba mhó ’ná Eóin Baiste; ach an t-é is lúgha i rígheacht na bhflathas is mó é ’ná eisean.
Matha 3:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ins na laethanta san, ámhthach, do tháinig Eóin Baiste ag seanmóin i bhfásach Iúdéa, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba sna laethanta úd a tháinig Eoin Baiste, ag seanmóireacht i bhfásach Iúdaea, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht ins na laethe sin tháinic Eoin Baiste ag seanmóireacht i bhfásach Iudaia, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ins na laethibh sín tháinig Eoin Baiste ag seanmórú i bhfásach Iúdaea, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sna laithibh sin do bhí Eoin Baisde, ag déanamh seannmóra a bhfásach thíre Iúdaighe, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia: An Bíobla Naofa 1981 Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia: |
Go deimhin adeirim libh, níor eirigh, ar an rugadh ó mhnáibh, duine ba mhó ’ná Eóin Baiste; ach an t-é is lúgha i rígheacht na bhflathas is mó é ’ná eisean.
Agus nuair a bhí an bheirt imthighthe do chrom Íosa ar labhairt leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach sa bhfásach? Slat d’a suathadh le gaoith?
Agus dubhradar: Deir cuid acu gur b’é Eóin Baiste é; agus deir cuid acu gur b’é Elias é; agus deir cuid acu gur b’é Ieremias é, nó duine des na fáidhibh.
Óir thaínig Eóin chughaibh i slígh na fíoraontachta, agus níor chreideabhair é; ach do chreid na puibliocánaigh agus na striapacha é; ach do chonacabhair-se, agus níor dheineabhair aithrighe ’n-a dhiaidh san ionus go gcreidfeadh sibh é.
Agus dubhairt sé: Tá an aimsir caithte, agus tá rígheacht Dé buailte libh. Deinidh aithrighe agus creididh an soisgéal.
Mar atá sgríobhtha i n-Isáias fáidh: Féach, táim ag cur mo theachtaire rómhat chun na slighe d’ollamhú rómhat.
Agus tusa, a leinbh, tabharfar ort fáidh an Árd-Dhia, óir gluaiseóchair roimis an dTighearna amach ag ollamhú na slighe dhó,
Agus nuair a bhí teachtairí Eóin imthighthe chrom sé ar a rádh leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad ’á dh’fheisgint go ndeaghabhair amach sa bhfásach? Cuaille d’á shuathadh le gaoith an eadh?
Ag tusnú ó’n mbaiste a dhein Eóin go dtí an lá do tógadh suas uainn é, duine acu san do bheith i n’fínné ar a aiseirighe i n-aonfheacht linne.