Gníomhartha 1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL I. Deasgabháil Chríost. Maitias dá thoghadh i n-inead Iúdáis. 1 Do dheineas an chéad chainnt, a Theophiluis, ar na neithibh go léir a thusnuigh Íosa ar dhéanamh agus ar theaghasg, 2 Go dtí an lá nar deasgabháladh é tar éis a aitheanta thabhairt do sna h-Aspolaibh a thoigh sé, tríd an Spioraid Naomh. 3 Agus tar éis é féin a thaisbeáint beó dhóibh i ndiaidh a pháise, le mórán deasbhuithe, i gcaitheamh dachad lá, ’ghá thabhairt féin le feisgint dóibh agus ag labhairt leó ar rígheacht Dé. 4 Agus d’ith sé bia ’n-a dteannta agus d’órduigh sé dhóibh gan imtheacht a’ Ierúsalem ach fanmhainth le geallmhaint an Athar, an gheallmhaint, (ar seisean) a chloiseabhair ó m’ béal-sa: 5 Gur dhein Eóin baiste le h-uisge ach go ndéanfar sibhse do bhaiste leis an Spioraid Naomh laistigh de bheagán laethanta. 6 Agus an méid a bhí i bhfochair a chéile dhíobh do chuireadar ceist chuige agus dubhradar: A Thighearna, an sa n-aimsir seo a thabharfair an rígheacht thar n-ais d’Israél? 7 Ach dubhairt sé leó: Ní h-agaibhse atá fios d’fhághail ar na h-aimsiribh ’ná ar na tráthanaibh a chimeád an t-Athair fé n-a chómhacht féin. 8 Ach glacfaidh sibh neart an Spioraid Naoimh ag túirliocan ionaibh, agus beidh sibh i nbhúr lucht fiadnaise dhómhsa i n-Ierúsalem agus i n-Iudéa go léir agus i Samaría, agus go h-imeall an domhain ar fad. 9 Agus nuair a bhí an chainnt sin ráidhte aige do tógadh suas é os cómair a súl agus do ghlac sgamall as a radharc é. 10 Agus an fhaid a bhíodar ag féachaint air agus é ag imtheacht suas an neamh, féach, bhí beirt fhear ’n-a seasamh ’n-a n-aice agus éadach geal ortha, Agur dubhradar: 11 A fheara Ghaililiacha, cad ad áil libh i nbhúr seasamh ag féachaint suas chun neimhe? Íosa so atá tógta suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé ar an gcuma gcéadna, fé mar a chonacabhair ag dul suas ar neamh é. 12 Ansan do thánadar thar n-ais go Ierúsalem ó’n gcnuc ar a dtugtar Olibhet, cnoc atá i ngiorracht siubhal lae sabbóide do Ierúsalem. 13 Agus nuair a thánadar isteach chuadar suas go dtí an seómra uachtárach mar a raibh Peadar agus Eóin ag fanmhaint, agus Séamus agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Bartolomaeus agus Maitiú, Séamus Alphéis agus Símón Sélotés agus Iúdás mac Séamuis. 14 Bhíodar san go léir ag leanmhaint do thoil a chéile i n-úrnuighthe mar aon leir na mnáibh agus le Muire Máthair Íosa agus le n-a bhráithribh. 15 Ins na laethibh sin d’éirigh Peadar ameasg na mbráithre agus dubhairt sé (agus bhí tímpall le céad agus fiche duine cruinnighthe ann): 16 A fheara, a bhráithre, ní foláir cómhlíonadh an Scriptiúra do thargair an Spioraid Naomh tré bhéal Dáibhid i dtaobh Iúdáis, an fear a threóruigh an mhuinntir a ghaibh Íosa, 17 an fear a h áirimheadh orainne agus go raibh páirt aige sa t-seirbhís seo. 18 Do fuair an fear san talamh le tuarasdal a dhroch-ghnímh, agus do crochadh é agus do sgoilt air ’n-a lár agus do thuit na h-inní go léir amach as. 19 Agus tháinig fios an nídh sin d’á bhfuil de dhaoine i n-Ierúsalem, i dtreó gur tugadh ar an bpáirc sin, ’n-a dteangain sin, “Haceldama,” ’sé sin; páirc na fola. 20 Agus tá sgríobhtha i leabhar na Salm: “Deintear fásach d’á n-áit cómhnuighthe, agus ná bíodh duine a dhéanfaidh cómnuighe ann,” agus, “Tugtar a chathaoír easboig do dhuine eile.” 21 Ní foláir d’á bhrígh sin, as na fearaibh seo atá i gcómhluadar linne i gcaiteamh na h-aimsire go léir ’na raibh an Tighearna Íosa isteach agus amach i n-ár measg, 22 Ag tusnú ó’n mbaiste a dhein Eóin go dtí an lá do tógadh suas uainn é, duine acu san do bheith i n’fínné ar a aiseirighe i n-aonfheacht linne. 23 Ansan do shocaruighdar ar bheirt, ar Ióseph ar a dtugtí Barsabas agus go mba shloinne dhó Iústus. agus ar Mhaitias. 24 Agus dheineadar úrnuighthe agus dubhriadar: Déinse, a Thighearna, ó’s agat atá fios croidhe gach duine, a thaisbeáint cia’cu de’n bheirt seo is roga leat, 25 Chun go nglacfadh sé an t-inead seirbhíse agus aspolachta so do chaill Iúdás, ionus go raghadh sé i n’ áit féin. 26 Ansan do chuireadar ar chrannaibh dóibh é, agus do thuit an crann ar Mhaitias agus do h-áirimheadh é i dteannta an aoinnedéag Aspol. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society