Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 1:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus d’ith sé bia ’n-a dteannta agus d’órduigh sé dhóibh gan imtheacht a’ Ierúsalem ach fanmhainth le geallmhaint an Athar, an gheallmhaint, (ar seisean) a chloiseabhair ó m’ béal-sa:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Agus nuair a bhí sé ina gcuideachta, dʼordaigh sé go dian dóibh gan imeacht as Iarúsailéim, ach bheith ag fanacht ansin le fíorú ghealltanas an Athar, “an gealltanas sin,” ar seisean, “ar chuala sibh mé ag caint air, mar

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus ag caitheamh bídh dó ina gcuideachta, thug sé órdughadh dóibh gan corrughadh ó Ierusalem acht fuireach le geallamhaint a Athar, a chuala sibh, ar sé, ó mo bhéal-sa:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 agus, ’n‐a gcómhluadar dó, d’órduigh sé dhóibh gan imtheacht as Iarúsalem, acht fanamhain le geallamhain an Athar, do‐chualabhar, ar sé, uaim‐se:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus, ar mbeith a bhfochair a dheisciobal, do aithin sé dhíobh gan dul as Iarusalém, achd fuireach ré gealladh a Nathar, noch, ar se, do chúalabhair uáimsi.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Uair dá raibh sé ina gcuibhreann dʼordaigh sé dóibh gan corraí ó Iarúsailéim ach fanacht ann go dtí go gcomhlíonfaí gealltanas an Athar, “An gealltanas úd,” ar sé, “ar chuala sibh mé ag trácht air:

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 1:4
14 Tagairtí Cros  

Óir ní sibh-se do labhrann ach Spioraid bhur n-Athar a labhrann ionaibh.


Ar an adhbhar san, má’s eól daoibh-se, atá go h-olc, neithe fóghanta thabhairt d’bhúr gclainn, nách mó ’ná san go mór a thabharfaidh bhúr n-Athair ó neamh an Spioraid mhaith do’n mhuintir a dh’iarrfaidh air é?


Óir múinfidh an Spioraid Naomh daoibh, i láthair na h-uaire sin, cad is ceart daoibh a rádh.


Agus táim-se ag cur geallamhna m’Athar chúghaibh; ach fanaidh-se sa chathair go dtí go gcurfar umaibh cómhacht ó neamh.


Agus iarrfad-sa ar an Athair é, agus cuirfidh sé chúghaibh Sólásaidhe eile chun fanmhaint agaibh go deó;


Ach nuair a thiocfaidh an Sólásaidhe, an t-é a chuirfead-sa chúghaibh-se ó’n Athair, Spioraid na fírinne, a ghluaiseann ó’n Athair, déanfaidh sé sin fiadhnaise orm-sa.


Tar éis an méid sin a rádh, do chuir sé anál fútha; agus dubhairt sé leó: Glacaidh an Spioraid Naomh.


Agus do labhair sé an chaint sin ar an Spioraid a bhí le glacadh ag an muintir a chreidfeadh ann; óir bhí an Spioraid gan tabhairt fós, mar bhí Íosa gan dul isteach ’n-a ghlóire fós.


Ní do’n phobul go léir, ach d’fhínnithibh a bhí ceapaithe ag Dia roim ré: dúinne, a chaith bia agus deoch n’fhochair tar éis éirighthe dhó ós na mairbh.


Do tógadh suas é, d’á bhrígh sin, ar deasláimh Dé agus do réir mar a fuair sé ó’n Athair an gheallamhaint i dtaobh an Spioraid Naoimh, do dhoirt sé amach é seo, agus chíonn sibhse é agus airígheann sibh é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí