Agus sidiad ainimneacha an dáréag aspol: Símón an chéad duine, agus Peadar a tugtar air; agus Aindrias a dhritháir.
Matha 16:18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus deirim-se leat-sa gur Peadar tú, agus is ar an gcaraig seo a chuirfead-sa suas m’eaglais, agus ní bhuadhfaid geataí ifrinn uirthi. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus insím duit é, is tú Peadar, agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mise mʼeaglais-se, agus ní bhuafaidh cumhachtaí an bháis uirthi. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus deirim-se leat gur tusa Peadar, agus is ar an charraig sin a thógfas mé m’eaglais, agus ní bhéarfaidh geaftaí ifrinn buaidh uirthí. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adeirim‐se leat gur tusa Peadar, agus gur ar an gcarraig seo thógfad‐sa m’eaglais; agus nach mbuaidhfidh geataí ifrinn uirthi. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a deirimsi riot, Gur ab tusa Peadar, agus gur ab ar an gcarruicsi thóigeabhus misi méagluis féin; agus nach béaruid geatuidhe ifeirn búaidh uirrthe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus deirim-se leat-sa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé mʼeaglais, agus ní bhuafaidh geataí Ifrinn uirthi. An Bíobla Naofa 1981 Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m'eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi. |
Agus sidiad ainimneacha an dáréag aspol: Símón an chéad duine, agus Peadar a tugtar air; agus Aindrias a dhritháir.
Agus tusa, a Chapharnaum, an suas go flathas Dé a tógfar tú? Síos go h-ifreann iseadh a curfar thú; óir dá mba i Sodomaibh a déanfaí na fearta a deineadh ionat-sa, b’fhéidir go mbeadh an chathair sin ann do dtí an lá so.
Agus mura n-éistidh sé leó san, innis do’n eaglais é; agus mura n-éistidh sé leis an eaglais, bíodh sé ’n-a phágánach nó ’n-a phuibliocánach agat.
Agus bhí Íosa ag siubhal i n-aice mara Ghaililí, agus chonaic sé beirt drithár, Símón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhritháir, agus iad ag cur lín amach sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad),
Gach duine, d’á bhrígh sin, a chloiseann an chaint seo adeirim-se agus do dheineann beart d’á réir, samhlófar é le duine ciallmhar a dhein a thigh ar an gcaraig.
Agus thug sé leis é ag triall ar Íosa. Agus d’fhéach Íosa air, agus dubhairt sé: Tusa Símón mac Ióna. Tabharfar ort Céphas (eadhon Peadar).
Agus iad ag moladh Dé agus báidh ag na daoine go léir leó. Agus bhí an Tighearna, i n-aghaidh an lae, ag méadú na bhuidhne a bhí le sábháil.
Tugaidh aire dhaoibh féin agus do’n tréad go léir, ar ar chuir an Spioraid Naomh sibh i n-bhúr n-easbogaibh ag riaghladh eaglaise Dé a cheannuigh sé le n-a chuid fola féin.
Ansan do deinead, ins na laethibh sin íde ana-dhian ar an eaglais a bhí i nIerúsalem agus do sgaipeadh na daoine go léir tré chríochaibh Iúdaéa agus Shamaría, ach amháin na h-Aspoil.