Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 7:24 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Gach duine, d’á bhrígh sin, a chloiseann an chaint seo adeirim-se agus do dheineann beart d’á réir, samhlófar é le duine ciallmhar a dhein a thigh ar an gcaraig.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 “Dá bhrí sin de, gach uile dhuine dá n‑éisteann leis na briathra seo agam agus a bhíos á gcur i ngníomh, beidh sé mar an fear eagnaí a thóg a theach ar charraig chloiche;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Ar an adhbhar sin, gach duine a chluineas na briathra seo agam-sa, agus a ghní dá réir, samhlóchar é le fear críonna a thóg a theach ar charraig.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 D’á bhrigh sin, gach aoinneach do‐chluin na briathra so agam‐sa agus chuireas i ngníomh iad, samhlóchar é le duine ciallmhar do thóg a theach ar an gcarraig:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Ar a nadhbharsin gach uile neach do chluinn na bríathrasa agamsa, agus do ní íad, saimhléochaidh mé lé duine glic é, neach do rinne a thigh air chárraig:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 “Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 “Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig:

Féach an chaibidil Cóip




Matha 7:24
41 Tagairtí Cros  

Óir pé duine a dhéanfaidh toil m’Athar-sa atá ins na flathais, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.


Agus deirim-se leat-sa gur Peadar tú, agus is ar an gcaraig seo a chuirfead-sa suas m’eaglais, agus ní bhuadhfaid geataí ifrinn uirthi.


Cé h-é, is dóigh leat, an seirbhíseach dílis, ciallmhar, a chuir a thighearna os cionn a mhuintire, chun bídh a thabhairt dóibh do réir aimsire?


Agus bhí cúigear acu ciallmhar, agus an cúigear eile gan chiall.


Ach do thug an cúigear a bhí ciallmhar oíle leó i n-a n-árthaíbh i dteannta na lóchrann.


D’fhreagair an mhuintir chiallmhar agus dubhradar: Ar eagla ná beadh ár ndóithin ann dúinne agus daoíbh-se, is fearr sibh a dh’imtheacht chun na gceannaidhthe agus oíle cheannach daoibh féin.


Agus do thuit an fhearthainn, agus do tháinig na h-aibhní, agus d’eirigh an ghaoth, agus do ghluaiseadar i gcoinnibh an tighe sin; agus níor thuit sé; mar bhí sé ’n-a sheasamh ar an gcaraig.


Agus gach duine a chloiseann na focail seo uaim-se agus ná deineann beart d’á réir, beidh sé ar nós an amadáin a dhein a thigh ar an ngainimh;


Ach dubhairt seisean: Abair, ámhthach, is beannuighthe an mhuintir a chloiseann briathar Dé agus do choimeádann é.


Má tá fhios agaibh na neithe sin, is aoibhinn daoibh má dheineann sibh iad.


Má tá grádh agaibh dom coimeádaidh m’aitheanta.


Fanaidh am’ ghrádh. Má choiméádann sibh m’aitheanta fanfaidh sibh am’ ghrádh; fé mar a choimeádaim-se aitheanta m’Athar agus go bhfanaim ’n-a ghrádh.


Is sibh-se mo cháirde-se ach go ndéanfaidh sibh na neithe adeirim libh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí