Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 7:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus do thuit an fhearthainn, agus do tháinig na h-aibhní, agus d’eirigh an ghaoth, agus do ghluaiseadar i gcoinnibh an tighe sin; agus níor thuit sé; mar bhí sé ’n-a sheasamh ar an gcaraig.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 agus thit an fhearthainn, agus dʼéirigh na tuilte, agus shíob na gaotha agus bhuail siad an teach úd, ach níor thit sé, as siocair gur bunaíodh ar charraig chloiche é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Agus thuit an bháistéach, agus tháinic na tuilte, agus shéid na gaotha, agus bhuail siad i n-aghaidh an tighe sin, agus níor thuit sé; óir bhí sé bunuighthe ar charraig.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 agus do thuit an fhearthainn, agus tháinig na tuilte, agus do shéid na gaotha; agus do bhuaileadar i gcoinnibh an tighe sin; agus níor thuit sé; mar do bhí sé tógtha ar an gcarraig.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus do thúirling an fhearthainn, agus tangadar na tuilte, agus do shéideadar na gaótha, agus do bhúaileadar ar an ttigh úd; agus níor thúit sé: óir do bhí a fhuinniméd air charraig.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus ghabh siad ar an teach sin, ach níor thit sé, mar bhí bonn carraige faoi.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus ghabh siad ar an teach sin, ach níor thit sé, mar bhí bonn carraige faoi.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 7:25
17 Tagairtí Cros  

Agus deirim-se leat-sa gur Peadar tú, agus is ar an gcaraig seo a chuirfead-sa suas m’eaglais, agus ní bhuadhfaid geataí ifrinn uirthi.


Gach duine, d’á bhrígh sin, a chloiseann an chaint seo adeirim-se agus do dheineann beart d’á réir, samhlófar é le duine ciallmhar a dhein a thigh ar an gcaraig.


Agus gach duine a chloiseann na focail seo uaim-se agus ná deineann beart d’á réir, beidh sé ar nós an amadáin a dhein a thigh ar an ngainimh;


Agus do thuit an fhearthainn, agus do tháinig na h-aibhní, agus d’eirigh an ghaoth, agus ghluaiseadar i gcoinnibh an tighe sin, agus do thuit sé; agus ba thiubaisteach é a thuitim.


agus do chuireadar sagairt fé ghrádhaibh dóibh ins gach eaglais, agus dheineadar úrnuighthe agus trosgadh, agus ansan thugadar suas do’n Tighearna iad, óir do chreideadar ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí