Gníomhartha 8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL VIII. Na Samaritánaigh dá n-iompód ag Pilib chun an chreidimh agus an coillteánach da bhaisteadh aige. 1 Ansan do deinead, ins na laethibh sin íde ana-dhian ar an eaglais a bhí i nIerúsalem agus do sgaipeadh na daoine go léir tré chríochaibh Iúdaéa agus Shamaría, ach amháin na h-Aspoil. 2 Agus thug daoine diadha aire do Stiophán agus chaoineadar é go mór. 3 Ach bhí léirsgrios ag Saul ’á dhéanamh ar an eaglais, é ag dul isteach ins na tighthibh agus fir agus mná aige ’á tharrac amach agus é ’ghá gcur i mbraighdineas. 4 Ach an mhuinntir a sgaipeadh do ghluaiseadar rómpa ag craobhsgaoile bréithre Dé. 5 Agus chuaidh Pilib síos go cathair Samaría agus bhí sé ag craobhsgaoile Críost dóibh sin. 6 Agus thug na daoine aire do chainnt Philibh agus d’éisteadar leis do thoil a chéile, mar chonnacadar na mírbhúiltí a bhí aige ’á dhéanamh. 7 Mar bhí a lán acu ’na raibh spioraidí truaillighthe ionta agus go n-imthíghdís asta ag éigheamh go h-árd. 8 Agus a lán a bhí míllte agus a bhí bacach do leighiseadh iad. 9 D’á bhrígh sin bhí áthas mór sa chathair sin. Ach bhí fear áirithe d’ar bh’ ainim Símón agus bhí sé ’n-a dhraoi sa chathair roimhe sin agus é ag mealladh muinntire Shamaría, ’ghá rádh gur dhuine mór éigin é, 10 Agus thugadh na daoine go léir, beag agus mór, cluas dó, agus deiridís: Cómhacht Dé é seo, an chómhacht ar a dtugtar mór-chómhacht. 11 Agus d’éistidís leis, mar bhíodar meallta le n-a chuid draoidheachta aige ar feadh abhfad. 12 Ach nuair a chreideadar Pilib agus é ag craobhsgaoile i dtaobh rígheachta Dé, do baisteadh iad, idir fhearaibh agus mná, i n-ainim Íosa Críost. 13 Ansan do chreid Símón féin agus do baisteadh é, agus d’fhan sé i bhfochair Philib. Agus nuair a chíodh sé na mírbhúiltí d’á ndéanamh, agus na cómhachta thar na beartaibh, bhíodh iongna agus alltacht air. 14 Ansan d’airigh na h-Aspoil a bhí i n-Ierúsalem go raibh Samaria tar éis bréithir Dé do ghlacadh agus chuireadar Peadar agus Eóin ag triall ortha. 15 Agus nuair a thánadar dheineadar guidhe ar a son, go nglacfaidís an Spioraid Naomh. 16 Óir ní raibh tagaithe aige fós i n-aoinne acu; ní rabhdar ach baistithe i n-ainim an Tighearna Íosa. 17 Ansan do chuireadar a lámha ortha agus do ghlacadar an Spioraid Naomh. 18 Nuair a chonnaic Símón, ámh, an Spioraid d’á thabhairt tré dhul fé láimh na n-Aspol do tharraig sé airgead dóibh, Agus dubhairt sé: 19 tugaidh dómhsa an cómhacht san, i dtreo, an t-é go gcuirfead mo lámh air go nglacfaidh sé an Spioraid Naomh. Dubhairt Peadar leis, ámh: 20 Íde ar do chuid airgid agus ort féin, óir do mheasais gur féidir tabharthas Dé dh’fhághail ar airgead. 21 Ní’l páirt ná baint agatsa leis an ngnó so, mar ní díreach do chroidhe i láthair Dé. 22 Déin aithríghe, d’á bhrígh sin, sa n-olc so atá déanta agat, agus iarr ar Dia, féachaint an maithfí dhuit an smuíneamh so a tháinig ad chroidhe. 23 Óir chím go bhfuilir i ndomblas seirbhthin agus fé chuibhreach an uilc. 24 Agus d’fhreagair Símón agus dubhairt: Cuiridh-se bhúr nguidhe chun an Tighearna ar mo shon ionus ná tiocfadh orm aon nídh de sna neithibh sin atá ráidhte agaibh. 25 Agus thánadar-san tar n-ais go Ierúsalem, tar éis bhriathar an Tighearna do dhearbhadh agus do labhairt, agus dheineadar craobhsgaoile tré n-a lán de chríochaibh na Samaritánach. 26 Ansan do labhair aingeal an Tighearna le Pilib agus dubhairt sé: Eirigh agus imthigh ó dheas chun na h-áite ‘na bhfuil an bhóthar ó Ierúsalem go Gása; is fásach an áit. 27 D’eirigh sé agus d’imthigh sé. Agus féach, bhí fear ó Éthiópia, coillteánach cómhachtach le bhanríghin Éthiópia, le Candacé, fear a bhí os cionn a saidhbhris go léir aici, agus bhí sé tar éis teacht go Ierúsalem chun Dia d’adhradh’; 28 Agus bhí sé ag dul thar n-ais agus é ’n-a shuide ’n-a charbhad, agus lsáias fáidh aige d’á léighe. 29 Agus dubhairt an Spioraid le Pilibh: Imthigh anonn agus cuir thu féin i n-aice an charbaid sin. 30 Tháinig Pilib i n’aice agus d’airigh sé é ag léighe Isáias fáidh, agus dubhaint sé: An dóigh leat a’ dtuigeann tú an nídh atá agat d’á léighe? 31 Dubhairt seisean: Agus conus is féidir dom é thuisgint mura dtaisbeánaid duine éigin dom é? Agus d’iarr sé an Philib dul suas agus suide i n’aice. 32 Agus sidé an áit de’n sgriptiúir a bhí aige dá léighe: Do seólad chun a mharbhtha é mar a seólfí caora; agus, an nós an uain a bheadh gan guth i láthair a bhearbóra, níor osgail sé a bhéal. 33 I n-úmhluigheacht do tógadh uaidh a bhreitheamhantas. Cé neósfaidh a gheinealach? Óir thógfar a bheatha de’n dtalamh. 34 Agus d’fhreagair an coillteánach agus dubhairt sé le Pilibh: Athchuinghim ort cia air go labhrann an fáidh an chainnt sin? an air féin nú an ar dhuine eile? 35 Ansan d’osgail Pilibh a bhéal agus thusnuigh sé leis an sgriptiúir sin agus do chraobhsgaoil sé Íosa dhó. 36 Agus, ag cur na slíghe dhíobh dóibh thánadar mar a raibh uisge, agus dubhairt an coillteánach: Féach an t-uisge, cad ’tá am chosg air go mbaistfí mé? 37 Ach dubhairt Pilibh: Má chreideann tú ód’ chroidhe go h-iomlán ní misde é. Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: Creidim gur b’é Mac Dé Íosa Críost. 38 Agus d’órduigh sé an carbad do stop agus thúirlingeadar araon sa n-uisge, Pilib agus an coillteánach, agus do bhaist sé é. 39 Agus nuair a thánadar aníos as an uisge d’fhuadaigh Spioraid an Tighearna Pilib agus ní fheacaidh an coillteánach a thuille é. Ach d’imthigh sé a bhóthar féin agus áthas air. 40 Agus do fuaradh Pilib i n-Asótos agus ghluais sé tríd an dtír ag craobhsgaoile an tSoisgéil ins na catharachaibh go léir chun go dtáinig se go Caésaréa |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society