Leighsidh daoine breóite; tógaidh na mairbh ó’n mbás; glanaidh na lobhair; cuiridh amach na deamhain. Is i n-aisge do fuarabhair; tugaidh uaibh i n-aisge.
Matha 10:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Imthíghidh, agus deinidh craobhsgaoileadh, agus abraidh, Tá rígheacht na bhflathas tagaithe i n-achmaireacht. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bígí ag fógairt sa siúl daoibh, ‘Tá ríocht na bhflaitheas i bhfogas.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar imtheacht díbh, déanaigidh seanmóireacht, agus abraigidh go bhfuil ríoghacht na bhflaitheas druidthe linn. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus, sa tslighe dhaoibh, bidhidh ag craobhscaoileadh, g‐á rádh, Atá rioghacht neimhe i ngiorracht daoibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar nimtheachd dháoibh, déunidh seanmóir, ag radh, Do dhruid rióghachd neimhe ribh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus in bhur mbóthar daoibh, bígí dá fhógairt go bhfuil Ríocht na bhflaitheas in achomaireacht. An Bíobla Naofa 1981 Agus in bhur mbóthar daoibh, bígí á fhógairt go bhfuil ríocht na bhflaitheas in achmaireacht. |
Leighsidh daoine breóite; tógaidh na mairbh ó’n mbás; glanaidh na lobhair; cuiridh amach na deamhain. Is i n-aisge do fuarabhair; tugaidh uaibh i n-aisge.
Agus do thárla, nuair a bhí na h-órduighthe tabhartha ag Íosa d’á dháréag deisgiobul, gur imthigh sé as an áit sin chun teagasg agus craobhsgaoileadh dhéanamh i n-a mbailtibh-sin.
Dubhradar-san: An chéad fhear. Dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim-se libh-se, raghaid na puibliocánaigh agus na striapacha isteach i bhflathas Dé rómhaibh-se.
D’á bhrígh sin adeirim libh go dtógfar uaibh-se rígheacht Dé, agus go dtabharfar í do chine a thabharfaidh toradh uatha uirthi.
Ach is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir do dhúnabhair rígheacht na bhflathas i n-aghaidh na ndaoine; mar, ní théigheann sibh isteach, ná ní leigeann sibh isteach na daoine atá ag dul isteach.
As san amach do thusnuigh Íosa ar sheanmóin, agus ar a rádh: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh.
An dlígh agus na fáidhe go dtí Eóin; as san amach tá rígheacht Dé d’á chraobhsgaoileadh, agus gach aoinne ag cur ’n-a choinnibh go dian.
Agus chuir sé uaidh iad ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus ag leigheas daoine breóite.
Agus do ghluaiseadar amach mór-thímpal tré sna bailtibh ag craobhsgaoileadh an tSoisgéil agus ag leigheas ins gach aon bhall.
Agus dubhairt Íosa leis: leig do sna mairbh na mairbh do chur; ach imthigh-se agus dein rígheacht Dé d’fhógairt.
Tháinig an duine sin ag triall ar Íosa sa n-oidhche, agus dubhairt sé leis: A Rabbí, is eól dúinn gur ó Dhia a tháinís ad’ oide, mar ní fhéadfadh aon duine na mírbhúiltí a dheineann tusa do dhéanamh gan Dia bheith leis.
Asus do thárla nuair a tháinig sé isteach go dtáinig Cornélius ’n-a choinnibh agus gur shléacht sé agá chosaibh ghá onórú.
Agus rígheacht Dé aige ’á chraobhsgaoile, agus é ag múine na neith a bhaineann leis an dTighearna Íosa Críost le lánmhisneach agus gan chosg.
Agus doilghíos ortha toisg iad a bheith ag teagasg an phobhuil agus ag craobhsgaoile na h-aiseiríghe ó sna mairbh i n-Íosa.