Agus tháinig truagh ag Íosa dhóibh, agus chuir sé a lámh ar a súilibh: agus tháinig a radharc dóibh láithreach, agus do leanadar é.
Lúcás 8:44 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus thainig sí chuige, lastiar dé, agus chuir sí a lámh ar fhabhra a bhrait, agus do stad an fhuil láithreach bonn aici. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) tháinig sise aníos ó lorg a chúil, gur bhain a lámh dʼimeall a éadaí; agus ní luaithe a bhí sin déanta aici ná coisceadh rith a fola. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Tháinic sí taobh thiar agus bhain sí le feaithim a éididh, agus ar an bhomaite stad a cur fola. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) tháinig sí taobh thiar de, agus do chuir sí a lám ar fhabhra a bhrait: agus ar an láthair do cuireadh stad leis an sruth fola. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chúaidh sí táobh shíar dheision, agus do chumail sí ré himeal a bhruit: agus do sguir a dórtadh fola ar an mball. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 tháinig sí taobh thiar de agus bhain le scothóg a bhrait; agus scoir an rith fola aici láithreach. An Bíobla Naofa 1981 tháinig sí taobh thiar de agus bhain le scothóg a bhrait; agus scoir an rith fola aici láithreach. |
Agus tháinig truagh ag Íosa dhóibh, agus chuir sé a lámh ar a súilibh: agus tháinig a radharc dóibh láithreach, agus do leanadar é.
Agus do shín Íosa a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé; Is áil liom é: glantar thú. Agus do glanadh láithreach é ó n-a lobhra.
Agus féach, tháinig lastiar dé bean a bhí ag tabhairt a cod’ fola ar feadh dhá bhliain déag, agus chuir sí a lám ar fhabhra a bhrait.
Agus pé ball ’n-a dtéigheadh sé isteach, i sráidibh nó i mbailtibh nó i gcathrachaibh, chuiridís na daoine breóite ar na sráidibh, agus bhídís ’ghá iarraidh air leigint dóibh fiú baint le fabhra a bhrait; agus an méid a bhaineadh leis do leighistí iad.
Agus chuir sé a dhá láimh uirthi, agus do dírigheadh suas í láithreach, agus thug sí glóire do Dhia.
Agus sheasaimh sí lastiar i n-aice a chos, agus chrom sí ar a chosaibh do nighe le n-a deóraibh, agus ar iad do thriomú le n-a gruaig, agus bhi sí ag pógadh a chos agus ag cimilt na h-ola dhíobh.
Agus bhí bean áirithe a bhí ag cailleamhaint a cod’ fola ar feadh dhá bhliain déag roimis sin, agus go raibh a maoin saoghalta caillte aici le dochtúiríbh agus é teipithe ortha í leigheas;
Agus dubhairt Íosa: Cé h-é a theangbhaidh liom? Agus do shéan gach aoinne, agus dubhairt Peadar agus an mhuintir a bhí i n’fhochair: A Máighistir, tá an tsluagh ag brúth ort agus at’ chiapadh, agus a’ ndeirir, Cé h-é a theangbhaidh liom?
Ach ní raibh fhios ag an t-é do leighiseadh cé ’r b’é. Óir do chuaidh Íosa i leith taoibh ó sna daoine a bhí cruinnighthe sa n-áit.
i dtreó go mbeirtí chun na ndaoine mbreóite, ó n-a cholainn, ciarsúirí agus aprúin, agus go n-imthígheadh an bhreóiteacht díobh, agus go n-imthígheadh na deamhain asta
I dtreó gur amach ar na sráidibh, ar thochtaibh agus as shúsaíbh, a curtí na daoine breóite, ionus, nuair a bhead Peadar ag teacht, dá mba ná déanfad ach a sgáil tuitim an dhuine acu go léighisfí ó n-a mbreóiteacht iad.