Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:43 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

43 Agus bhí bean áirithe a bhí ag cailleamhaint a cod’ fola ar feadh dhá bhliain déag roimis sin, agus go raibh a maoin saoghalta caillte aici le dochtúiríbh agus é teipithe ortha í leigheas;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

43 Agus bhí bean ansin a raibh rith fola uirthi dhá bhliain déag agus nár fhéad aon duine a leigheas,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

43 Agus bhí bean áirithe ann a raibh cur fola uirthí le dhá bhliadhain déag, agus a raibh a maoin go h-iomlán caithte aice le liagha, agus nárbh fhéidir le h-aoinneach í leigheas;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

43 Agus bean ar a raibh sruth fola le dhá bhliadhain déag, agus go raibh a maoin iomlán caithte aici ar liaghaibh, agus gan leigheas le fágháil aici ó dhuine aca,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

43 Agus bean do bhí a bhflucsa fola dá bhliadhuin dég, agus do chaith a raibh aice le leaghaibh, agus nar béidir le héinneach a leigheas,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

43 Agus bean a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag, agus a bhí tar éis a maoin shaolta uile a chaitheamh le lianna, ach nárbh fhéidir le haon duine í a leigheas,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

43 Agus bean a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag, agus a bhí tar éis a maoin shaolta uile a chaitheamh le lianna, ach nárbh fhéidir le haon duine í leigheas,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:43
22 Tagairtí Cros  

Óir do chuir an chuid eile ann as a bhflúirse, ach do chuir sí seo ann, d’á dealbhas, a raibh aici, a cuid an tsaoghal.


Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: Ó, a shliocht gan creideamh, cad é an fhaid a bheidh mé eadraibh? Cad é an fhaid a dh’fhuilingeóchad libh? Tugaidh chúgham-sa é.


Agus féach, bean i n-a raibh spioraid lagachair ar feadh ocht mbliana déag, agus bhí sí cromtha, agus ní fhéadfadh sí féachaint suas i n-aon chor;


Ach an inghean so Ábrahaim á bhí fé cheangal ag Sátan ar feadh ocht mblian ndéag, níor cheart í fhuasgailt ó’n gceangal, san lá na sabbóide?


Agus chómh luath agus thánadar i dtír do rith chuige fear n-a raibh deamhan ann ar feadh mórán aimsire, agus ní raibh éadach uime, ná ní fhanadh sé i dtigh, ach ins na tuamaíbh.


Mar go raibh aon inghean amháin aige agus í tímpal dhá bhliain déag, agus go raibh sí ag dul chun báis. Agus, ag dul ann dó, do tharla go raibh an tsluagh ag brúth air.


Agus thainig sí chuige, lastiar dé, agus chuir sí a lámh ar fhabhra a bhrait, agus do stad an fhuil láithreach bonn aici.


Agus ag gabháil na slíghe dhó do chonaic Íosa duine a bhí ’n-a dhall, agus gur dall a rugadh é.


Ach chonus do thárla radharc a bheith anois aige ní h-eól dúinn, ná ní h-eól dúinn cé dh’osgail a shúile; fiafraighidh de féin é; tá aos aige; labhradh sé féin air féin.


Agus bhí duine áirithe a bhí ’n-a mhairtíneach ó bhroinn a mháthar, agus bhítheas ’ghá iompar. Do curtí gach lá é ag geata an teampuil, ag an ngeata ar a dtugtí an geata Áluinn, ionus go n-iarrfadh sé déirc ar an muinntir a bheadh ag dul isteach sa teampul.


Mar, an duine gur deineadh an mhírbhúilt sláinte sin dó, bhí sé os cionn dachad bhlian.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí