Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Gníomhartha 19 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XIX. An eaglais dá chur ar bun ag Pól i n-Ephesus. Clampar sa ngaibhní ngeal.

1 Agus do thárla, le linn Apollo bheith i gCoirint go dtáinig Pól go h-Ephesus, nuair a bhí na h-áiteana uachtaracha siúbhaltha aige, agus go bhfuair sé rainnt deisgiobul; Agus dubhairt se leó:

2 Ar ghlacbhúir an Spioraid Naomh ó chreidbhúir? Agus dubhradar-san leis: Ní h-ead ach níor chloiseamair an Spioraid Naomh a bheith ann i n-aon chor.

3 Agus dubhairt seisean: Má ’seadh cad ann ’nar baisteadh sibh? Agus dubhradar: I mbaiste Eóin.

4 Agus dubhairt Pól: Do bhaist Eóin na daoine le baiste aithrighe agus dubhairt sé leó nár bh’foláir dóibh creideamhaint sa’ t-é a bhí le teacht ’n-a dhiaidh féin, ’sé sin i n-Íosa.

5 Nuair a dh’airíghdar an méid sin do baisteadh iad i n-ainim an Tighearna Íosa.

6 Ansan do chuir Pól a lámha ortha agus do thúirling an Spioraid Naomh ortha agus do labhradar i dteangthachaibh agus dheineadar targaireacht.

7 Agus tímpal dáréag acu a bhí ann ar fad.

8 Agus bhíodh sé ag dul isteach sa tsinagóig agus ag labhairt ann go dána, ar feadh trí mhí, ag díospóireacht agus ag cur i bhfeidhm i dtaobh rígheachta Dé.

9 Ach bhí daoine dúra ann ná creidfeadh, ach bhíodh ag tarcuisniú slighe an Tighearna os cómhair na ndaoine. D’imthigh sé uatha agus do dheighil sé na deisgiobuil uatha, agus bhíod sé ag argóint gach lá i sgoil fir dár bh’ainim Turannos.

10 Do lean san mar sin ar feadh dá bhlian, i dtreó gur airigh gach a raibh i n-Ásia, idir Iúdach agus Geinteach, briathar an Tighearna.

11 Agus do dhein Dia mírbhúiltí éagsamhlacha tré láimh Póil.

12 i dtreó go mbeirtí chun na ndaoine mbreóite, ó n-a cholainn, ciarsúirí agus aprúin, agus go n-imthígheadh an bhreóiteacht díobh, agus go n-imthígheadh na deamhain asta

13 Do thárla go raibh cuid de sna Iúdaígh ag imtheacht ó áit go h-áit agus go rabhdar a d’iarraid deamhan a chur amach, agus dh’agraidís ainim an Tighearna Íosa agus deiridís: Fógraim oraibh Íosa atá ag Pól d’a chraobhsgaoile.

14 Agus bhí Iúdaígh áirithe, mórsheisear mac a bhí ag Scebha duine d’uachtaránaibh na sagart, ’ghá déanamh san.

15 Ach d’fhreagair an annsprid iad agus dúbhairt sé: Tá aithne agam ar Íosa agus tá eólus agam ar Phól, ach cia h-iad sibhse?

16 Agus an fear n-a raibh an annsprid mhalluighthe ann do léim sé chúcha agus fuair sé an lám uachtair ar an mbeirt acu agus ghaibh sé ortha i dtreó gur ritheadar as an dtigh sin tárnocht, agus iad geárrtha.

17 Do h-innseadh an méid sin d’a raibh d’Iúdachaibh agus de Gheintibh i n-Ephesus agus tháinig sgannra ortha go léir, agus do móradh ainim an Tighearna Íosa.

18 Agus bhíodh a lán de’n mhuinntir a chreid ag teacht ag déanamh faoisdine agus ag innsint a ngníomhartha.

19 Agus a lán de’n mhuinntir a bhíodh ag déanamh deismireachta thugadar na leabhair leó agus do dhóghdar iad os cómhair na puibilídheachta. Agus do measadh fiacha na leabhar, agus do fuaradh gur bh’fiú caogad míle píosa airgid iad.

20 Sin mar a bhí briathar Dé ag fás go láidir agus ag dul i ndaingineacht.

21 Nuair a bhí na neithe sin críochnuighthe do bheartuigh Pól, sa spioraid, gabháil tré Mhacedonia agus tré Acaia agus dul go Ierúsalem, agus dubhairt sé: Tar éis me bheith sa n-áit sin ní foláir dom an Róimh a dh’fheisgint.

22 Ansan chuir sé beirt d’á lucht frithálmha, Timoteus agus Erastus, go Macedonia agus d’fhan sé féin ar feadh tamaill san Ásia.

23 agus d’eirigh an uair sin achrann nár shuarach i dtaobh slighe an Tighearna.

24 Bhí fear n-ar bh’ ainim dó Démétrius, agus gabha geal ab eadh é, agus bhíodh sé ag déanamh teampall airgid do Dhiána agus bhíodh fághaltas nár shuarach ag ceárduighthibh d’á bhárr.

25 Chruinnigh sé i láthair a chéile iad féin agus an lucht oibre a bhain leó agus dubhairt sé: A fheara, is eól daoibh gur as an gcéird seo a thagann ár gcuid chúghainne.

26 Ach chíonn sibh agus airígheann sibh conus mar atá mórán daoine iompuighthe ag Pól so, le n-a chómhrádh, ní h-amháin i n-Ephesus ach ar fuid na h-Ásia go léir nách mór, ’ghá chur ’n-a luighe ortha — Ní déithe i n-aon chor na déithe a deintear le lámhaibh.

27 Is baoghal go dtabharfaidh san droch-ainim d’ár slighe bheatha, agus ná fágfaidh sé aon mheas an theampull mhór Dhiána, agus ní h-amháin sin ach go dtusnóchaidh a mórdhacht ar dhul ar neamhnídh, bíodh go n-adhrann an Ásia go léir agus an domhan go léir í.

28 Nuair airíghdar an chainnt sin do lasadar le feirg agus do liúghdar: Is mór í Diána na n-Ephesiánach!

29 Do cuireadh an chathair go léir tré n-a chéile. Do ritheadar i n-aonfheacht chun an téátair agus greim acu ar Ghaius agus ar Aristarchus, Macedonaigh, comrádaithe do Pól.

30 Cheap Pól dul isteach ameasg na ndaoine.

31 Ní leogfadh na deisgiobuil dó é. Agus bhí cuid d’uachtaránaibh na h-Ásia ann, cáirde dhó, agus chuireadar teachtaireacht chuige ’ghá iarraidh air gan dul isteach sa téátar.

32 Do liúigh duine an rud so agus duine eile an rud úd. Is amhlaidh a bhí measgán mearaidhe ar an bpobul agus ní fheidir an chuid ba mhó dhíobh cad a thug ann i n-aon chor iad.

33 Do tharaigeadar Alecsander amach as an mbrúth. Do shaigh na Iúdaígh amach é. Do bhagair Alecsander a lámh ortha a’ d’iarraid ciúnais chun go míneóchadh sé an sgéal do sna daoine.

34 Ac nuair a chonnacadar gur bh’ Iúdach é chuireadar go léir aon liú amháin suas: is mór í Diána na n-Ephesiánach! agus do leanadar de’n liúgh ar feadh suas le dhá uair a’ chluig.

35 Ansan do chuir cléireach na catharach chun suaimhnis an pobal agus dubhairt sé: A fheara Ephesiánacha, cá bhfuil an duine beó ná fuil fhios aige go n-adhrann muinntir na chatharach so Ephesus Diána mhór, inghean lúpiteir?

36 D’á bhrígh sin óir nách féidir an méid sin do shéanadh is ceart daoibh fanmhaint socair agus gan aon bheart obann a dhéanamh.

37 Thugbhúir anso na fir seo agus gan masla tabhartha acu d’bhúr dteámpull ’ná d’bhur mbandia.

38 Ach má tá ag Démétrius, agus ag na ceárduighthibh atá le n-a chois, cúis i gcoinnibh aoinne, táid na cúirteana ann agus na próchonsuil: Cuiridís neithe i leith a chéile.

39 Má tá aon nídh eile agaibh d’á lorg, socaruightear é i gcómhthionól a bheidh do réir dlighe.

40 Agus is baoghal go gcurfár i n-ár leith toirmeasg an lae indiu agus gan aoinne cionntach (gur féidir cúntas a thabhairt air) leis an gcruinniú so. Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do chuir sé an pobal chun siúbhail.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí