Óir má thugann sibh grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhaoibh cad é an tuarasdal a bheidh agaibh? Ná deinid na puibliocánaigh féin an méid sin?
Lúcás 3:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tháinig puibliocánaigh ag triall air go mbaistfí iad, agus dubhradar leis: A Mháighistir, cad tá le déanamh againn? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus tháinig bailitheoirí cánacha chuige dá mbaisteadh, agus dúirt siad leis, “A Oide ár múinte, cad é is cóir dúinn a dhéanamh?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus tháinic puibliocánaigh fosta le baisteadh d’fhagháil, agus dubhairt siad leis: A Mháighistir, cad é atá le déanamh againne? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tháinig poibleacáin chuige, leis, chum go mbaistfidhe iad, agus adubhradar leis, A Mháighistir, créad atá le déanamh againne? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tangadar na puibliocáin mar an gcéudna ionnus go mbaisdfidhe íad, agus a dubhradar ris, A mhaighisdir, créud do dhéunáimné? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tháinig poibleacánaigh freisin chun baiste a fháil agus dúirt siad leis: “A mháistir, cad tá le déanamh againne?” An Bíobla Naofa 1981 Tháinig poibleacánaigh freisin chun baiste a fháil agus dúirt siad leis: “A mháistir, cad tá le déanamh againne?” |
Óir má thugann sibh grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhaoibh cad é an tuarasdal a bheidh agaibh? Ná deinid na puibliocánaigh féin an méid sin?
Agus do sheasaimh an puibliocánach abhfad amach, agus níor bh’áil leis a shúile amháin d’iompáil suas chun na bhflathas, ach é ag bualadh a uchta agus a’ rádh: A Dhia, déin trócaire orm óir is peacach mé.
Agus do cheistigh na daoine é, agus dubhradar: Cad ’tá le déanamh againn má ’seadh?
Agus dubhairt seisean leó: Ná deinidh níor mó ’ná mar atá ceapaithe dhaoibh le déanamh.
Agus nuair airigh na daoine go léir agus na puibliocánaigh an chaint sin d’admhuíghdar ceart Dé, óir bhíodar tar éis a mbaiste le baisteadh Eóin.
Nuair airigheadar an méid sin tháinig aithreachas ortha agus dubhradar le Peadar agus leis na h-aspoil eile: A fheara, a bhráithre, cad tá le déanamh againn?