Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Tháinig poibleacánaigh freisin chun baiste a fháil agus dúirt siad leis: “A mháistir, cad tá le déanamh againne?”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Agus tháinig bailitheoirí cánacha chuige dá mbaisteadh, agus dúirt siad leis, “A Oide ár múinte, cad é is cóir dúinn a dhéanamh?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Agus tháinic puibliocánaigh fosta le baisteadh d’fhagháil, agus dubhairt siad leis: A Mháighistir, cad é atá le déanamh againne?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus tháinig poibleacáin chuige, leis, chum go mbaistfidhe iad, agus adubhradar leis, A Mháighistir, créad atá le déanamh againne?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus tangadar na puibliocáin mar an gcéudna ionnus go mbaisdfidhe íad, agus a dubhradar ris, A mhaighisdir, créud do dhéunáimné?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus tháinig puibliocánaigh ag triall air go mbaistfí iad, agus dubhradar leis: A Mháighistir, cad tá le déanamh againn?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Tháinig poibleacánaigh freisin chun baiste a fháil agus dúirt siad leis: “A mháistir, cad tá le déanamh againne?”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:12
8 Tagairtí Cros  

Óir, má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an tuarastal atá ag dul daoibh? Nach ndéanann na poibleacánaigh féin an rud céanna?


Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’


Agus bhí na sluaite ag fiafraí de: “Cad tá le déanamh againn, más ea?”


Dúirt sé leo: “Gan níos mó a éileamh ná a bhfuil ordaithe daoibh.”


Agus an pobal uile a chuala é, agus na poibleacánaigh féin, is le Dia a thaobhaigh siad nuair a baisteadh iad le baiste Eoin.


Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí