Óir, fé mar a bhí Iónas trí lá agus trí oidhche i mbolg an mhíolmhóir, beidh Mac an Duine trí lá agus trí oidhche i gcroidhe na talmhan.
Lúcás 2:46 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do thárla, tar éis trí lá go bhfuaradar é sa teampul ’n-a shuidhe ameasg na n-ollamh, ag éisteacht leó agus ’ghá gceisdiú. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a bhí trí lá caite acu, tháinig siad air sa teampall, agus é ina shuí i measc na n‑oidí léinn, agus é ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna orthu; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thárla, i gcionn na dtrí lá, go bhfuair siad san teampall é ina shuidhe imeasc na ndoctúirí ag éisteacht leo agus ghá gceistiughadh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tharla, tar éis trí lá, go bhfuaradar é sa teampall ’n‐a shuidhe i measc na n‐ollamh, ag éisteacht leo agus ag cur ceisteann ortha: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla, trí lá dá éis sin, go bhfúaradar é ann sa teampoll, na shuidhe a measg na ndoctúireadh, ag éisdeachd ríú, agus ag cur cheasd ortha. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 I gcionn trí lá fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna chucu. An Bíobla Naofa 1981 I gcionn trí lá fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna chucu. |
Óir, fé mar a bhí Iónas trí lá agus trí oidhche i mbolg an mhíolmhóir, beidh Mac an Duine trí lá agus trí oidhche i gcroidhe na talmhan.
Ansan do thosnuigh Íosa ar a thaisbeáint d’á dheisgiobuil nár bhfoláir é féin a dhul go Ierúsalem agus mórán d’fhulang ós na sínsearaibh agus ós na Sgníbh-neóiríbh agus ó uachtaránaibh na sagart, agus a chur chun báis, agus a aiseirighe an trímhadh lá.
Agus bhí iongna ar a raibh ag éisteacht leis, mar gheall ar a ghuntacht agus ar na freagraí a thugadh sé.
Agus do thárla, lá, go raibh sé ’n-a shuidhe ag teagasg. Agus bhí na Fairisínigh ’n-a suidhe ann, agus dochtúirí na dlighe, a bhí tagaithe ó gach baile i nGaililí agus i nIúdaéa agus ó Ierúsalem, agus bhí cómhacht ó’n dTighearna ag dul chun a slánuighthe.
Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Is oide i n-Israél tusa, agus ní h-eól duit na neithe sin?
Ach d’eirigh, sa chómhairle, duine de sna Fairisínigh dár bh’ainim Gamaliél, dochtúir dlíghe a bhí creideamhnach ameasg na ndaoine go léir, agus d’órduigh sé na fir do chur amach thar dorus an fead tamail bhig,