Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:17 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus do thárla, lá, go raibh sé ’n-a shuidhe ag teagasg. Agus bhí na Fairisínigh ’n-a suidhe ann, agus dochtúirí na dlighe, a bhí tagaithe ó gach baile i nGaililí agus i nIúdaéa agus ó Ierúsalem, agus bhí cómhacht ó’n dTighearna ag dul chun a slánuighthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Agus nuair a bhí sé ag teagasc, lá de na laethanta úd, bhí Fairiséigh agus lucht theagasc an dlí ina suí ina chomhair, a tháinig as gach baile i nGalailí agus in Iúdaea agus as Iarúsailéim; agus bhí cumhacht Dé leis le leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Agus thárla lá amháin go raibh sé ina shuidhe ag teagasc. Agus bhí ina suidhe ann Fairisínigh agus doctúirí dlighe a tháinic as gach baile de’n Ghailile agus de Iudaia agus as Ierusalem, agus bhí cumhacht an Tighearna chun a slánuighthe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus tharla, go raibh sé lá ag teagasc; agus go raibh ’n‐a suidhe ann Fairisínigh agus dochtúirí na dlighe a tháinig ó gach baile beag sa nGáilile agus i nIúdaea, agus ó Iarúsalem: agus do bhí cumhacht an Tighearna aige chum slánuighthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus tárla go raibh sé lá áirighe, ag teagasg, agus go rabhadar na Phairisínigh agus doctúirí an dlighe na suidhe a láthair, noch tháinic as gach uile bhaile don Ghalilé, agus do thir Iúdaighe, agus ó Jerusaléim: agus do bhí cumhachda an Tighearna chum a slánuighthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Tharla aon lá amháin agus é ag teagasc, go raibh Fairisínigh agus máistrí dlí ina suí ann a bhí tar éis teacht as gach baile sa Ghailíl agus in Iúdáia, agus as Iarúsailéim freisin; agus bhí cumhacht an Tiarna ag tabhairt air a bheith ag déanamh leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

17 Tharla aon lá amháin agus é ag teagasc, go raibh Fairisínigh agus máistrí dlí ina suí ann a bhí tar éis teacht as gach baile sa Ghailíl agus in Iúdáia, agus as Iarúsailéim freisin; agus bhí cumhacht an Tiarna ag tabhairt air bheith ag déanamh leigheas.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:17
20 Tagairtí Cros  

Tá radharc ag daill; tá siúbhal ag bacaigh; glantar na lobhair; tá éisteacht ag daoine a bhí bodhar; Eirighid na mairbh; Tá an Soisgéal d’á theagasg dos na bochtaibh.


Ansan do tháinig Sgríbhneóirí agus Fairisínigh ag triall air ó Ierúsalem, agus dubhradar:


Ach chómh luath agus chuaidh seisean amach dhírigh sé ar an sgéal a dh’innsint agus do chraobhsgaoileadh, i dtreó nár fhéad Íosa dul isteach go puibilidhe sa chathair, agus gur fhan sé lasmuigh ins na h-áiteanaibh uaigneacha, agus gur chruinnigh na daoine chuige as gach áird.


Tógfaid siad aithreacha nimhe, agus má ólaid siad deoch marbhuightheach ní ghortóchaidh sé iad: Cuirfid siad a lámha ar daoine breóite agus beid siad go maith.


Agus na Sgríbhneóirí a tháinig anuas ó Ierúsalem, dubhradar gur bh’é Beelsebub a bhí istigh ann, agus gur le cómhacht rí na ndeamhan a bhí sé ag cur na ndeamhan amach.


Agus láithreach do thuig Íosa, ann féin, an chómhacht san do dhul amach uaidh, agus d’iompuigh sé chun na ndaoine, agus dubhairt sé: Cé theangbhuigh le m’chuid éadaigh?


Agus tháinig Fairisínigh agus raint des na Sgríbhneóiríbh ó Ierúsalem, agus bhailigheadar chuige.


Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag ceisneamh, agus deiridís: Ar ndó, glacann an fear so na peacaigh agus itheann sé bia ’n-a bhfochair.


Agus do thárla, tar éis trí lá go bhfuaradar é sa teampul ’n-a shuidhe ameasg na n-ollamh, ag éisteacht leó agus ’ghá gceisdiú.


Agus do chrom na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ar mhachtnamh, agus ar a rádh: Cad é mar dhuine é seo a labhrann diamhasla? Cé fhéadann peacaí do mhaitheamh ach Dia amháin?


Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag gluaireán, agus deiridís le n-a dheisgiobuil-sin: Cad chuige dhaoibh bheith ag ithe agus ag ól i gcuíbhreann puibliocánach agus peacach?


Agus bhí an tsluagh go léir a d’iarraidh teangabháil leis, óir bhí cómhacht ag dul amach uaidh a bhí ag slánú gach aoinne.


Ach na Fairisínigh agus dochtúirí na dlighe, thugadar easúmhluigheacht do chómhairle Dé ’n-a gcoinnibh féin, óir níor ghlacadar a bhaisteadh-sin.


Agus dubhairt Íosa: Do theangbhaidh duine éigin liom; óir is eól dómh-sa go ndeaghaidh cómhacht amach uaim.


Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Is oide i n-Israél tusa, agus ní h-eól duit na neithe sin?


Ach an t-é a dheineann gníomh na fírinne tagann sé chun an tsoluis, i dtreó go dtaisbeánfaí a ghniomhartha, óir is i nDia a deineadh iad.


Agus do dhein Dia mírbhúiltí éagsamhlacha tré láimh Póil.


Le d’láimh a shíne amach ag déanamh leigheas agus mírbhúiltí agus iongnaí tré ainim do Mhic naomhtha Íosa.


Ach d’eirigh, sa chómhairle, duine de sna Fairisínigh dár bh’ainim Gamaliél, dochtúir dlíghe a bhí creideamhnach ameasg na ndaoine go léir, agus d’órduigh sé na fir do chur amach thar dorus an fead tamail bhig,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí