Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus d’imthigheadh sé féin isteach sa n-uaigneas ag guidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Ach is é rud, chuaigh seisean i leataobh ar an bhfásach go ndearna sé urnaí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Acht d’imthigh seisean isteach san uaigneas agus rinne sé urnaighe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Acht d’imthigheadh seisean uatha isteach sa bhfásach, agus do‐ghníodh sé urnaighe ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Achd do chúaidh seisean fá leith ar an bhfasach, agus do rinne sé urnuighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Ach théadh sé féin i leataobh isteach sna fásaigh agus dhéanadh guí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Ach théadh sé féin i leataobh isteach sna fásaigh agus dhéanadh guí.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:16
8 Tagairtí Cros  

Agus chuir sé uaidh na daoine, agus d’imthigh sé an cnoc suas i n-a aonar chun úrnuighthe dhéanamh. Agus tháinig an tráthnóna, agus bhí sé ann i n-a aonar.


Agus nuair a chuir sé chun siubhail iad, d’imthigh sé an cnoc suas chun úrnuighthe dhéanamh.


Do thárla, ámhthach, nuair a bhí na daoine go léir dh’á mbaisteadh, agus nuair a baisteadh Íosa agus bhí sé ag guidhe, gur h-osgaladh an spéir,


Agus do thárla ins na laethanta san go ndeaghaidh sé amach ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh, agus go dtug sé an oidhche ag guidhe chun Dé.


Agus do thárla, tímpal ocht lá tar éis na cainte sin, gur thóg sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus go ndeaghaidh sé suas ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh.


Agus an fhaid a bhí sé ag guidhe d’athruigh a ghnúis, agus d’iompuigh a chuid éadaigh geal, taithneamhach.


Nuair a bhí fhios ag Íosa, ámhthach, go rabhadar chun teacht agus breith air agus rí a dhéanamh de, d’imthigh sé uatha airís fé’n gcnoc i n’ aonar.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí