Ach dubhairt sé le h-Íosa, a d’iaraidh é féin do cheartú: Agus cé h-é mo chómharsa?
Lúcás 18:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé an tsoluíd seo le raint daoine a bhí mainghíneach asta féin, mar dh’eadh go rabhadar fíoraonta, agus droch-mheas acu ar dhaoinibh eile: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dʼinis sé an fáithscéal seo freisin do dhream a raibh muinín acu astu féin go raibh siad ina bhfíréin agus a mbíodh dímheas acu ar dhaoine eile. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus labhair sé an fáithscéal seo fosta le dream áirithe a raibh muinighin acu astú féin amhail mar fhíréin, agus a tharcuisnigh daoine eile: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé an tsamhlaoid seo le dream a bhí muinighineach asta féin gur dhaoine fíréanta iad, agus ag a raibh tarcuisne ar chách eile: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus fós ré dreim do sháoil iád féin bheith na bhfiréain, agus do tharcasinigh cách eile, a dubhairt sé an chosamhlachdsa: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Labhair sé an parabal seo freisin chun daoine áirithe a bhí teann astu féin a bheith fíréanta, agus gur bheag orthu cách eile: An Bíobla Naofa 1981 Labhair sé an parabal seo freisin chun daoine áirithe a bhí teann astu féin bheith fíréanta, agus gur bheag orthu cách eile: |
Ach dubhairt sé le h-Íosa, a d’iaraidh é féin do cheartú: Agus cé h-é mo chómharsa?
Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag ceisneamh, agus deiridís: Ar ndó, glacann an fear so na peacaigh agus itheann sé bia ’n-a bhfochair.
Agus dubhairt sé leó: Is sibh-se a dheineann sibh féin fíoraonta i súilibh daoine, ach is eól do Dhia bhúr gcroidhthe; agus an rud atá árd i súilibh daoine, tá gráin ag Dia air.
Sheasaimh an Fairisíneach agus dhein sé a ghuidhe mar seo i n-a aigne féin: A Dhia, bheirim a bhuidheachas leat ná fuilim-se mar an chuid eile de sna daoine, bitheamhnaigh, lucht éagcóra, lucht adhaltranais, ar nós an phuibliocánaigh seo féin.
Agus nuair a chonaic na daoine go léir an nídh sin bhíodar ag ceisneamh, agus deiridís gur ag triall ar dhuine pheacamhail a chuaidh sé ar aoidheacht.
Agus do chonaic an Fairisíneach a thug cuireadh dhó an nídh sin agus dubhairt sé i n’aigne féin: Dá mba fáidh an fear so bheadh fhios aige, gan amhras, cé h-í an bhean so atá ag teangabháil leis agus cad é an saghas í, gur bean pheacamhail í.
Agus d’fhreagair na Iúdaigh é agus dubhradar: Nach maith adeirimíd-ne é gur Samaritánach tusa agus go bhfuil deamhan ionat?
Ansan do thugadar droch-chaint dó agus dubhradar: Bí-se ad’ deisgiobul aige; is do Mhaois is deisgiobuil sinne.
D’fhreagradar agus dubhradar leis: I bpeacaíbh a geineadh tu ar fad, agus an ndeineann tú sinne do theagasg? Agus do chomáineadar amach é.
Agus dubhaint sé liom: Imthigh leat, óir is ag triall ar na geintibh i gcéin a chuirfead-sa thu.