Agus tháinig sé ar fuid na gcríoch go léir ar bruach Iórdain ag fógairt baiste chun aithrighe agus chun maitheamhnachais peacaí,
Lúcás 1:77 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ag tabhairt eóluis slánuighthe d’á phobul, ionus go maithfí a bpeacaí dhóibh; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Le heolas an tslánaithe a thabhairt dá mhuintir, trí mhaithiúnas a bpeacaí, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Le h-eolas slánuighthe a thabhairt dá phobal chun maitheamhnas a bpeacaidhe, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Chum eolas ar shlánú do thabhairt d’á mhuinntir Tré mhaitheamhnas a bpeacadh, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do thabhairt éolus na sláinte dá phobal tré mhaitheamhnus na bpeacadh, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ag tabhairt eolas an tslánaithe dá phobal trí mhaithiúnas a bpeacaí An Bíobla Naofa 1981 ag tabhairt eolas an tslánaithe dá phobal trí mhaithiúnas a bpeacaí |
Agus tháinig sé ar fuid na gcríoch go léir ar bruach Iórdain ag fógairt baiste chun aithrighe agus chun maitheamhnachais peacaí,
An lá ’n-a dhiaidh san do chonaic Eóin Íosa ar teacht fá n-a dhéin, agus dubhairt sé: Féach Uan Dé, féach an t-é a thógann peacadh an domhain.
Is air seo a dheinid na fáidhe go léir fiadhnaise, gur i n’ainimsean atá maitheamhnachus peacaí le fághail ag gach aoinne a chreideann ann.
Agus dubhairt Pól: Do bhaist Eóin na daoine le baiste aithrighe agus dubhairt sé leó nár bh’foláir dóibh creideamhaint sa’ t-é a bhí le teacht ’n-a dhiaidh féin, ’sé sin i n-Íosa.
Agus dubhairt Peadar leó: Déinidh, ar seisean, aithríghe, agus glacadh gach duine agaibh baiste i n-ainim Íosa Críost, ionus go maithfí bhúr bpeacaí dhaoibh, agus ansan glacfaidh sibh tabharthas an Spioraid Naoimh.
Déinidh aithríghe dá bhrígh sin, agus iompuighidh, ionus go mbuailfí amach bhúr bpeacaí,
Do thóg Dia suas le n-a laimh dheis é ’n-a Phriúnsa agus ’n-a Shlánuightheoir chun go dtabharfadh sé aithríghe agus maitheamhnachas peacaí d’Israél.